Skip to content

Preasráiteas: Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin foilsithe ag an Aire Buttimer

Media Release Minister Buttimer publishes the Dormant Accounts Fund Annual Report 2024

Preasráiteas

Déardaoin, 26ú Meitheamh 2025

Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin foilsithe ag an Aire Buttimer

  • €44.8 milliún caite in 2024 chun dul i ngleic le míbhuntáiste 

Inniu (26ú Meitheamh 2025) d’fhoilsigh an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Jerry Buttimer Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Is féidir airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin a úsáid chun maoiniú a thabhairt i gcomhair beart lena dtugtar aghaidh ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachasúil, agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Sonraítear i dTuarascáil Bhliantúil 2024 gurbh ionann caiteachas ar bhearta Cuntas Díomhaoin i rith na bliana agus €44.8 milliún ar fud 12 Roinn Rialtais.

Tá trí chás-staidéar ar bhearta lenar tacaíodh in 2024 san áireamh sa tuarascáil;

  • Rothaíocht Éireann – Tionscadal na Rothar Sléibhe Oiriúnaitheach (AMTB) – Trí Chiste na gCuntas Díomhaoin, cheannaigh Rothaíocht Éireann 5 aMTB. Cuireadh na rothair seo le chéile ar Champas Spórt Éireann le cuidiú ó dheonaithe ar lánchumas in éineacht le húsáideoirí cathaoir rothaí ar mhian leo páirt a ghlacadh.  Tugann na rothair seo an deis d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí chun freastal ar ionaid chonaire agus traenáil a fháil ar gach leibhéal.
  • The Great Care Cooperative (GCC) – Fuair Rethink Ireland maoiniú trí Chiste na gCuntas Díomhaoin i gcomhair “The Great Care Cooperative” (GCC).    Is fiontar sóisialta seachbhrabúsach é an GCC a bhfuil mar aidhm acu sár-chúram agus sár-phostanna a chur ar fáil agus úsáid á baint as creat comhionannais. Tacaíonn siad le mná imeallaithe atá ag obair san earnáil cúraim chun rochtain a fháil ar fhostaíocht fhiúntach trí chomh-úinéirí a dhéanamh dóibh. Trí mhúnla GCC cuirtear cúramóirí i róil cheannaireachta agus chinnteoireachta. Infheistíonn siad an brabús go léir ar ais i bpá, pinsin agus oiliúint na bhfostaithe, rud a chuireann feabhas díreach ar chúram do dhaoine scothaosta.
  • An Scéim um Oibrithe Forbartha Pobail Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh (ECDW) – Forbraíodh an scéim ECDW chun dul i ngleic leis an neamhionannas oideachais a bhíonn á fhulaingt ag an Lucht Siúil agus na Romaigh, go háirithe maidir le freastal, rannpháirtíocht, agus daltaí a choinneáil ar scoil, agus chun dul i ngleic le héifeachtaí agus iarmhairtí phaindéim Covid-19 mar a bhaineann siad le páistí agus daoine óga ón Lucht Siúil agus ó na Romaigh sa chóras oideachas.

Baineadh úsáid as maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine chun ECDWanna tiomanta a fhostú, a oibríonn i gcomhar le pobail Lucht Siúil agus Romach áitiúla, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, agus soláthraithe seirbhísí ar bith eile ar féidir leo cuidiú le feabhas a chur ar thorthaí oideachasúla páistí agus daoine óga ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach.  In 2024, bhí 12 ECDW ag obair in 10 n-áit ar fud an Stáit, le mórchuid na n-oibrithe seo ag teacht ón Lucht Siúil.

Agus an Tuarascáil Bhliantúil á foilsiú aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:

“Is cúis áthais dom Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin a fhoilsiú, ina léirítear gur cuireadh breis agus €44 milliún ar fáil in 2024 chun dul i ngleic le míbhuntáiste fud fad na hÉireann. Rinneadh an 51 beart a bhí sa tuarascáil a chur i bhfeidhm ar fud an Rialtais agus chuaigh siad i ngleic le raon leathan ceisteanna cosúil le cláir a chur ar fáil chun tacú le páistí agus daoine óga; daoine faoi mhíchumas; cúramóirí; agus grúpaí imeallaithe ar nós phobail an Lucht Siúil agus na Romach.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Is mór an difear a dhéanann maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine do dhaoine aonair agus do phobail fud fad na tíre. Tá sé ag cuidiú le daoine leochaileacha, ag tacú le hionchuimsiú sóisialta, agus ag neartú ár bpobal. Tá sé ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol daoine agus beidh tionchar dearfach fadtéarmach i gceist leis.”

Dúirt an tAire Calleary:

“Fáiltím roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin ina leagtar amach conas ar cuireadh maoiniú d’os cionn €44 milliún ar fáil an bhliain seo caite. Laistigh den Roinn, baineadh úsáid as €11.64 milliún i gcomhar beart cosúil leis an Scéim Rabhaidh do Sheanóirí, Fiontar Sóisialta, Bearta Spriocdhírithe d’Ionchuimsiú Sóisialta agus Tacaíochtaí do Leabharlanna. Níorbh fhéidir na tacaíochtaí seo a chur ar fáil gan Chiste na gCuntas Díomhaoin agus is cabhair mhór é chun tacú le hionchuimsiú sóisialta i bpobail in gach cearn den tír.”

Tá an tuairisc ar fáil anseo .




Media Release

Thursday, 26th June 2025

Minister Buttimer publishes the Dormant Accounts Fund Annual Report 2024

  • €44.8 million spent in 2024 to help address disadvantage

Minister of State at the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht Jerry Buttimer, today (26th June 2025) published the 2024 Dormant Accounts Fund Annual Report.

Money in the Dormant Accounts Fund can be used to fund measures that address economic, social, or educational disadvantage and to support people with a disability. The 2024 Annual Report details that expenditure on Dormant Accounts measures over the year amounted to €44.8 million across 12 Government Departments.

Three case studies of measures supported in 2024 are included in the report;

  • Cycling Ireland – Adaptive Mountain Bike Project (AMTB) – Through the Dormant Accounts Fund, Cycling Ireland purchased 5 AMTB’s. These bikes were assembled on the Sport Ireland Campus with the help of both able-bodied volunteers and wheelchair users keen to be involved. The bikes provide wheelchair users with the opportunity to attend trail centres and receive training at all levels.
  • The Great Care Cooperative (GCC) – The Dormant Accounts Fund provided funding through Rethink Ireland to “The Great Care Cooperative”.   GCC is a non-profit social enterprise with the mission of providing great care and great jobs using an equality framework. It supports marginalised women working in care to access decent employment by making them co-owners. GCC’s model brings carers into leadership and decision-making roles. It reinvests all profits in employee pay, pensions, and training, which directly improves the quality of elderly care.
  • Traveller and Roma Education Community Development Worker Scheme (ECDW) -The ECDW scheme has been developed to address the educational inequality experienced by Travellers and Roma, particularly in relation to attendance, participation, and retention, and to address the effects of, and fallout from, the Covid-19 pandemic as concerns Traveller and Roma children and young people in education.

Dormant Account Funding has been used to employ dedicated ECDWs who work in co-operation with local Traveller and Roma communities, primary and post-primary schools, and any other service providers that can contribute to improving educational outcomes for children and young people from the Traveller and Roma communities. In 2024, there were 12 ECDWs working in 10 locations across the State, with the majority of these workers being from the Traveller community.

Publishing the Annual Report today, Minister Buttimer said:

“I am delighted to publish the Dormant Accounts Fund Annual Report 2024 which shows that funding of over €44 million was provided in 2024 to help address disadvantage right across Ireland. The 51 measures included in the report were implemented across Government and have helped to address a diverse range of issues such as providing programmes to support children and youths; people with disabilities; carers; and marginalised groups such as the Traveller and Roma Community.”

The Minister continued:

“Dormant Accounts funding makes a real difference to individuals and communities right across the country. It is helping vulnerable individuals, supporting social inclusion, and strengthening our communities. It is making a real difference to people’s lives and will have long lasting positive impacts.”

Minister Dara Calleary noted:

“I welcome the publication of the 2024 Dormant Accounts Annual Report which outlines how over €44 million in funding was delivered last year. Within the Department, €11.64 million was utilised for measures such as the Senior Alerts Scheme, Social Enterprise, Targeted Social Inclusion Measures and Library Supports. These supports would not be possible without the Dormant Accounts Fund and it is helping to support social inclusion in communities right across the country.”

The report can be viewed here .