Preasráiteas: Baintear sprioc thábhachtach amach agus an tAire Calleary ag fógairt an 400ú Mol Nasctha

Key Milestone reached as Minister Calleary announces onboarding of the 400th Connected Hub
- Innovation Hub in Monksland, Co. Westmeath becomes the 400th hub on the Connected Hubs Network
- Announced today at the National Hub Summit in Ballinalsoe, the target is a key deliverable under the Government’s Our Rural Future policy
Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has announced that 400 hubs are now onboarded to ConnectedHubs.ie meeting a key deliverable of Our Rural Future. The Minister made the announcement at the fourth National Hub Summit today, held this year in Ballinasloe, Co. Galway.
The Summit serves as a platform for international and Irish speakers, hub teams, representative bodies, state agencies and government departments to engage in discussions regarding the future strategic direction of the National Hub Network in Ireland.
Alongside key strategic discussions, the event focuses on knowledge sharing, networking and developing best practice.
Minister Calleary will visit the Monksland Innovation Hub this evening in Athlone, Co Westmeath.
Speaking at the summit, Minister Calleary said:
“Our Rural Future recognises the opportunity that remote working presents in terms of rejuvenating our rural towns and villages.
“I am delighted to announce that the 400th hub has been onboarded onto the Connected Hubs. Meeting this key deliverable under Our Rural Future demonstrates the Government’s commitment to remote working and to rural Ireland.
“As Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, it is important to me that those who chose to live in rural Ireland are given the chance to avail of the increased remote working opportunities that have emerged in recent years.
“The hub network not only assists with these opportunities, it is helping to sustain the population in some rural areas, revitalise town centres, reduce commuting times and improve the quality of life for people.”
Allan Mulrooney, CEO of Western Development Commission said:
“Connected Hubs began as a pilot initiative in the Western Region and has since expanded to become a national network. Reaching 400 hubs marks a significant milestone in that journey and highlights the transformative impact that this initiative is having in communities across Ireland.
“Through our partnership with the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, the Western Development Commission is proud to manage the Connected Hubs Network and to support the continued growth of remote working opportunities. Together, we are helping to sustain local communities, attract talent, and strengthen regional economies, delivering on the ambitions set out in Our Rural Future.”

Baintear sprioc thábhachtach amach agus an tAire Calleary ag fógairt an 400ú Mol Nasctha
- Mol Nuálaíochta ar Fhearann na Manach, Co. na hIarmhí, an 400ú mol ar Líonra na Mol Nasctha
- Fógraíodh an sprioc inniu ag Cruinniú Mullaigh Náisiúnta na Mol i mBéal Átha na Slua, agus is príomhsheachadadh é faoi pholasaí Thodhchaí Tuaithe an Rialtais
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, gur cláraíodh 400 mol le ConnectedHubs.ie chun freastal ar phríomhsheachadadh Ár dTodhchaí Tuaithe. Rinne an tAire an fógra inniu ag ceathrú Cruinniú Mullaigh Náisiúnta na Mol, a tionóladh i mbliana i mBéal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe.
Feidhmíonn an Cruinniú Mullaigh mar ardán do chainteoirí idirnáisiúnta agus Gaeilge, foirne mol, comhlachtaí ionadaíocha, gníomhaireachtaí stáit agus ranna rialtais chun páirt a ghlacadh i bplé maidir le treo straitéiseach Líonra Náisiúnta na Mol in Éirinn amach anseo.
Mar aon le príomhphlé straitéiseach, dírítear san ócáid ar roinnt eolais, líonrú agus dea-chleachtas a fhorbairt.
Tabharfaidh an tAire Calleary cuairt ar Mhol Nuálaíochta Fhearann na Manach tráthnóna in Áth Luain, Co. na hIarmhí.
Ag labhairt ag an gcruinniu, dúirt an tAire Dara Calleary:
“Aithnítear inár dTodhchaí Tuaithe an deis a bhaineann le hobair chianda a chur ar fáil maidir lenár mbailte agus ár sráidbhailte tuaithe a athnuachan.
“Tá áthas orm an 400ú mol a fhógairt. Léiríonn comhlíonadh an phríomhsheachadta seo faoi Ár dTodhchaí Tuaithe tiomantas an Rialtais don obair chianda agus do cheantair thuaithe na hÉireann.
“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, tá sé tábhachtach domsa go dtabharfar deis dóibh siúd ar mhaith leo maireachtáil i gceantair thuaithe na hÉireann leas a bhaint as na deiseanna méadaithe oibre cianda a tháinig chun cinn le blianta beaga anuas.
“Ní hamháin go gcabhraíonn líonra na mol leis na deiseanna seo, ach tá sé ag cabhrú le daonra roinnt ceantar tuaithe a choinneáil beo, láir bhailte a athbheochan, amanna comaitéireachta a laghdú agus caighdeán beatha daoine a fheabhsú.”
Dúirt Allan Mulrooney, POF Choimisiún Forbartha an Iarthair:
“Cuireadh tús le Moil Nasctha mar thionscnamh píolótach i Réigiún an Iarthair agus tá fás tagtha air go bhfuil sé anois ina líonra náisiúnta. Is díol suntais é go bhfuil 400 mol anois bainte amach againn, agus is léiriú é ar an bhfíorthionchar atá an tionscnamh seo ag imirt ar phobail ar fud na hÉireann.
“Trínár gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, is cúis bhróid do Choimisiún Forbartha an Iarthair í Líonra na Mol Nasctha a bhainistiú agus tacú leis an mborradh leanúnach atá ag teacht faoi dheiseanna cianoibre. Le chéile, táimid ag cabhrú le pobail áitiúla a chothú, daoine cumasacha a mhealladh, agus geilleagair réigiúnacha a neartú, chun na spriocanna atá leagtha amach in Ár dTodhchaí Thuaithe a chomhlíonadh.”
