Skip to content

Press Release: Minister Jerry Buttimer announces Open Call for the Community Service Programme

Preasráiteas: Fógraíonn an tAire Jerry Buttimer Gairm ar Iarratais ar Chlár na Seirbhísí Pobail

Press Release

Monday 30th March 2026

Minister Jerry Buttimer announces Open Call for the Community Service Programme

  • Call for applications under the Community Services Programme (CSP)
  • Programme benefits groups providing services and creating employment for disadvantaged communities
  • Meets a Programme for Government commitment to open the programme to new entrants

Minister of State with responsibility for Community Development and Charities, Jerry Buttimer TD has today, (Monday, 30th March 2026) announced an Open Call for Applications under the Community Services Programme (CSP). The CSP Programme currently supports over 420 community-based organisations.

Announcing the new call at Meitheal Mara in Cork City today, the Minister said:

“I am delighted to launch this Call for Applications under the Community Services Programme. The CSP Programme is designed to deliver employment opportunities to disadvantaged areas and empower social enterprises and community organisations to address and respond to the needs of those most marginalised within their localities.”

The overarching vision of the CSP Programme is to support community organisations that operate to deliver a social purpose, to offer services that meet identified needs and provide employment locally contributing to sustainable, inclusive and empowered communities. 

Fulfilling a commitment made in the Programme for Government, this successful programme is now being opened to new entrants.  It will provide community-based organisations with an opportunity to access funding to support the employment of staff, in line with the programme’s objectives and principles.

The Minister continued:

“The CSP Programme plays a vital role in supporting a wide range of services, facilities and activities that enhance the quality of life for specific disadvantaged groups within our communities. This Open Call will be essential in expanding those supports by bringing new organisations and services onto the programme.”

Pobal will provide support to organisations interested in making a preliminary application to join the CSP Programme from today until the closing date for applications on 8th May 2026.

Following submission of a preliminary application that meets all eligible criteria, shortlisted applicants will then be invited to submit a full application to Pobal by 28th August 2026.

Information Events will be held for successful applicants applying for the programme on the week beginning 27th July 2026. This will ensure those applying to the CSP Programme are fully equipped with the information that they need to apply for this funding. Details will be shared on the Pobal CSP webpage and on the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht’s website and social media channels.

Meitheal Mara Chairperson, Marianne Keane stated: 

“The Community Services Programme has been central to everything we do at Meitheal Mara — supporting jobs, skills, and inclusion in our community. We’re proud to welcome the Minister and to share how this investment is making a real difference on the ground.”

For more info visit here .




Preasráiteas

Dé Luain 30 Márta 2026

Fógraíonn an tAire Jerry Buttimer
Gairm ar Iarratais ar Chlár na Seirbhísí Pobail

  • Gairm ar Iarratais ar Chlár na Seirbhísí Pobail (CSP)
  • Tacaíonn an clár le grúpaí a sholáthraíonn seirbhísí 
    agus a chruthaíonn fostaíocht do phobail faoi mhíbhuntáiste
  • Comhlíonann sé gealltanas i gclár an Rialtais an clár
    a oscailt d’iontrálaithe nua

Inniu, Dé Luain, an 30 Márta 2026, d’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, gairm ar iarratais ar Chlár na Seirbhísí Pobail (CSP). Tacaíonn an clár le breis is 420 eagraíocht phobalbhunaithe faoi láthair.

Ag fógairt na gairme nua ag Meitheal Mara i gcathair Chorcaí inniu, dúirt an tAire:

“Tá áthas orm an ghairm seo ar iarratais ar chlár na seirbhísí pobail a sheoladh. Dearadh CSP chun deiseanna fostaíochta a sholáthar do cheantair faoi mhíbhuntáiste agus chun cumhacht a thabhairt d’fhiontair shóisialta agus d’eagraíochtaí pobail aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine is imeallaithe laistigh dá gceantair áitiúla agus freagairt dóibh.”

Is í fís fhoriomlán an chláir tacú le heagraíochtaí pobail a oibríonn chun cuspóir shóisialta a bhaint amach, seirbhísí a thairiscint a chomhlíonann riachtanais a aithnítear agus fostaíocht a sholáthar go háitiúil a chuireann le pobail inbhuanaithe, chuimsitheacha agus chumhachtaithe. 

Ag comhlíonadh gealltanais a tugadh i gclár an Rialtais, osclaítear an clár rathúil seo do rannpháirtithe nua anois. Cuirfear deis ar fáil ann d’eagraíochtaí pobail rochtain a fháil ar mhaoiniú chun tacú le fostaíocht foirne, i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail an chláir.

Ar an dara dul síos, dúirt an tAire:

“Tá ról ríthábhachtach ag CSP i dtaca le raon leathan seirbhísí, áiseanna agus gníomhaíochtaí a thacú a fheabhsaíonn caighdeán na beatha do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste sonracha laistigh dár bpobail. Beidh an ghairm oscailte seo riachtanach chun na tacaíochtaí sin a leathnú trí eagraíochtaí agus seirbhísí nua a thabhairt isteach sa chlár.”

Cuirfidh Pobal tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí ar spéis leo réamhiarratais a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i CSP ón lá inniu go dtí an dáta deiridh d’iarratais ar an 8 Bealtaine.

Tar éis réamhiarratas a chur isteach a chomhlíonann na critéir incháilithe go léir, tabharfar cuireadh d’iarratasóirí ar an ngearrliosta iarratas iomlán a chur isteach chuig Pobal faoin 28 Lúnasa.

Reáchtálfar Imeachtaí Faisnéise d’iarratasóirí ar éirigh leo an tseachtain dar tosach an 27 Iúil. Cinnteoidh sé seo go mbeidh an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun iarratas a dhéanamh ar an maoiniú seo ag na daoine atá ag déanamh iarratais ar CSP. Roinnfear sonraí ar leathanach gréasáin CSP Pobal agus ar shuíomh gréasáin agus ar chainéil mheáin shóisialta an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach Mheitheal Mara, Marianne Keane:

“Tá Clár na Seirbhísí Pobail lárnach i ngach rud a dhéanaimid ag Meitheal Mara — ag tacú le poist, scileanna agus cuimsiú inár bpobal. Táimid bródúil as fáilte a chur roimh an Aire agus a roinnt conas atá an infheistíocht seo ag déanamh fíordhifríochtaí ar an talamh.”

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt anseo .

Newsletter 27.03.2026

🌟 A busy week of events, opportunities, and ways to get involved!This week’s E-Bulletin invites members to our upcoming PPN Plenary in April, a key opportunity to hear updates, connect with stakeholders, …