A Chara,
On Friday last, Minister Buttimer launched a new national awareness campaign to highlight how Local Community Development Committees (LCDCs) connect public bodies and communities across Ireland. The programme commenced on Friday, May 1st and will run for a three-week period across radio, podcasts, print and online media.
The overall objective of the campaign is to raise public awareness on the role and function of the LCDCs and how they contribute to the development of local communities, through actions contained in each of their Local Economic and Community Plans (LECPs).
A new dedicated web page www.gov.ie/lcdc is a central hub for information on each of the 33 Local Community Development Committees (LCDCs) and contains information and a series of videos on the following:
- Background of LCDCs
- Watch LCDCs in Action
- Local Economic and Community Plan (LECP)
- Additional Staff Resource (ASR)
- Find your LCDC
- Training for Staff
In the first instance, the new web page will be of major benefit to LCDC members and stakeholders. The “Training for Staff” tile provides workbooks and videos on six modules, some of which include the roles and responsibilities of LCDCs, use of Plain English and Digital and Visual Communication. These video assets will prove beneficial in terms of succession management and induction for new LCDC members and staff. The videos are also available on the Department’s YouTube channel.
This resource will also benefit community and voluntary organisations, PPNs, together with local and community development organisations. It is hoped that these groups will utilise these assets to build a stronger on-line presence and gain better traction for their community activities, i.e.. fundraisers, local events, and media posts.
Le meas,
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht
Oifigí Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. F26 E8N6
Government Buildings, Ballina, Co. Mayo. F26 E8N6

A Chara,
Dé hAoine seo caite, sheol an tAire Buttimer feachtas feasachta náisiúnta nua chun aird a tharraingt ar an gcaoi a gceanglaíonn Coistí Forbartha Pobail Áitiúla comhlachtaí poiblí agus pobail ar fud na hÉireann. Thosaigh an clár Dé hAoine, an 1 Bealtaine agus beidh sé ar siúl ar feadh tréimhse trí seachtaine ar an raidió, ar phodchraoltaí, sna meáin chlóite agus ar líne.
Is é cuspóir foriomlán an fheachtais feasacht an phobail a mhúscailt maidir le ról agus feidhm na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla agus leis an gcaoi a gcuireann siad le forbairt phobail áitiúla, trí ghníomhartha atá i ngach ceann de na Pleananna Eacnamaíocha agus Pobail Áitiúla.
Is mol lárnach é leathanach gréasáin nua tiomnaithe www.gov.ie/lcdc le haghaidh faisnéise faoi gach ceann de na 33 Choiste Forbartha Pobail Áitiúil agus tá faisnéis agus sraith físeán ann faoi na nithe seo a leanas:
- Cúlra na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla
- Féach ar Choistí Forbartha Pobail Áitiúla i mbun Gnímh
- Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil
- Acmhainn Bhreise Foirne
- Aimsigh do Choiste Forbartha Pobail Áitiúil
- Oiliúint Foirne
Beidh an leathanach gréasáin nua ina bhuntáiste mór do bhaill agus do pháirtithe leasmhara na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla. Faoi tháb “Oiliúint Foirne”, cuirtear leabhair oibre agus físeáin ar fáil faoi shé mhodúl, agus áirítear i gcuid acu róil agus freagrachtaí na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla, úsáid Bhéarla Simplí agus Cumarsáid Dhigiteach agus Amhairc. Beidh na hacmhainní físe seo tairbheach maidir le bainistíocht chomharbais agus ionduchtaithe do bhaill agus d’fhoireann nua na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla. Tá na físeáin ar fáil freisin ar chainéal YouTube na Roinne.
Beidh an acmhainn seo tairbheach d’eagraíochtaí pobail agus deonacha, líonraí rannpháirtíochta poiblí, mar aon le heagraíochtaí forbartha áitiúla agus pobail. Táthar ag súil go n-úsáidfidh na grúpaí seo na hacmhainní seo chun láithreacht níos láidre ar líne a thógáil agus tionchar níos fearr a imirt dá ngníomhaíochtaí pobail, i.e. tiomsaitheoirí airgid, imeachtaí áitiúla, agus poist sna meáin.
Le meas,
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht
Oifigí Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. F26 E8N6
Government Buildings, Ballina, Co. Mayo. F26 E8N6
