Preasráiteas: Tuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin foilsithe ag an Aire Buttimer
Friday, 17 July 2026

Minister Buttimer publishes the Dormant Accounts Fund Annual Report 2025
- Over €43 million spent in 2025 to help address disadvantage
Minister of State at the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, Jerry Buttimer TD, today (Friday, 17 July 2026) published the 2025 Dormant Accounts Fund Annual Report.
Money in the Dormant Accounts Fund is used to fund measures that address economic, social, or educational disadvantage and to support people with a disability. The 2025 Annual Report details that expenditure on Dormant Accounts measures over the year amounted to €43 million across 11 Government Departments.
For 2025 the Dormant Account Fund provided funding to 57 separate measures. These included programmes and projects to support children and youths; marginalised groups; prisoners; the unemployed; carers; victims of crime; homelessness; and measures to assist persons with a disability. Details of all measures are outlined in the Annual Report.

Two case studies of measures supported in 2025 are included in the report:
Wicklow Traveller Play Area Developments: Delivery of two new playgrounds in a group housing scheme in Kilcoole and a halting site in Arklow, which now serves 14 family units across both sites and have quickly become an important feature of daily life for the children living there. And,
The Deaf Awareness, ISL Act and the Public Service project led by the Cork Deaf Association, developed to improve deaf awareness and strengthen access to public services for the D/deaf community. The project has trained 634 public service workers in Deaf Awareness and Irish Sign Language through 28 sessions.
These case studies illustrate the positive impact on communities which Dormant Accounts Fund measures is having.
Publishing the Annual Report today, Minister Buttimer said:
“I am delighted to publish the Dormant Accounts Fund Annual Report 2025 which shows that funding of over €43 million was provided in 2025 for a myriad of great causes to help address disadvantage across the country. There were 57 measures in the report that were implemented across Government that help to address a diverse range of issues such as; providing programmes to support children and youths; programmes and projects for people with disabilities; carers; LGBTQ+ communities; and marginalised groups such as the Traveller and Roma Community.”
The Minister continued:
“Dormant Accounts funding makes a real difference to individuals and communities right across the country. It is helping vulnerable individuals, supporting social inclusion, and is strengthening our communities. The funding is making such a difference to people’s lives and will have long lasting positive impacts across the communities it serves.”
Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Dara Calleary noted:
“I welcome the publication of the 2025 Dormant Accounts Annual Report which outlines how over €43 million in funding targeted disadvantage last year. Within our own Department, just over €10 million was utilised for important measures such as the Senior Alerts Scheme, many projects under Rethink Ireland, Social Enterprise, Targeted Social Inclusion Measures and Library initiatives. These supports would not be possible without the Dormant Accounts Fund, which continues to support social inclusion and worthy causes in communities across our country.”
Preasráiteas
Dé hAoine, 17 Iúil 2026

Tuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin foilsithe ag an Aire Buttimer
- Breis is €43 milliún caite in 2025 chun dul i ngleic le míbhuntáiste
Inniu (Dé hAoine, 17 Iúil 2026) d’fhoilsigh an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Jerry Buttimer TD, Tuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin.
Baintear úsáid as airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin chun maoiniú a thabhairt i gcomhair beart lena dtugtar aghaidh ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachasúil, agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Sonraítear i dTuarascáil Bhliantúil 2025 gurbh ionann an caiteachas ar bhearta Cuntas Díomhaoin i rith na bliana agus €43 milliún ar fud 11 Roinn Rialtais.
Cuireadh maoiniú ar fáil i gcomhair 57 mbeart ar leith faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin in 2025. I measc na mbeart seo bhí cláir agus tionscadail chun tacú le leanaí agus daoine óga; grúpaí imeallaithe; príosúnaithe; daoine dífhostaithe; cúramóirí; íospartaigh coire; easpa dídine; agus bearta chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Tá sonraí faoi na bearta ar fad le fáil sa Tuarascáil Bhliantúil.

Tá dhá chás-staidéar ar bhearta lenar tacaíodh in 2025 san áireamh sa tuarascáil:
Forbairtí in Áit Súgartha don Lucht Siúil i gCill Mhantáin: Dhá chlós súgartha curtha ar fáil i scéim grúpthithíochta i gCill Chomhghaill agus láithreán stad san Inbhear Mhór, a fhreastalaíonn ar 14 theaghlach thar an dá shuíomh anois agus nárbh fhada go raibh siad ina ngnéithe tábhachtacha i saol laethúil na leanaí atá ina gcónaí ann.
Agus an tionscadal um Fheasacht ar Bhodhaire, um an Acht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann agus um an tSeirbhís Phoiblí riartha ag Cumann na mBodhar Chorcaí, arna fhorbairt chun feasacht ar bhodhaire a fheabhsú agus rochtain ar sheirbhísí poiblí a neartú don phobal B/bodhar. Faoin tionscadal, cuireadh oiliúint ar 634 oibrí seirbhíse poiblí i bhFeasacht ar Bhodhaire agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann in 28 seisiún.
Léirítear leis na cás-staidéir seo an dea-thionchar atá á imirt ar phobail le bearta Chiste na gCuntas Díomhaoin.
Agus an Tuarascáil Bhliantúil á foilsiú aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:
“Is cúis áthais dom Tuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin a fhoilsiú, ina léirítear gur cuireadh breis agus €43 milliún ar fáil in 2025 don iliomad cúiseanna maithe chun dul i ngleic le míbhuntáiste ar fud na tíre. Bhí 57 mbeart sa tuarascáil a cuireadh i bhfeidhm ar fud an Rialtais, a bhí ina gcabhair chun dul i ngleic le raon leathan ceisteanna cosúil le cláir a chur ar fáil chun tacú le páistí agus daoine óga; cláir agus tionscadail do dhaoine faoi mhíchumas; cúramóirí; pobail LADTA+; agus grúpaí imeallaithe ar nós phobail an Lucht Siúil agus na Romach.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Is mór an difear a dhéanann maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine do dhaoine aonair agus do phobail fud fad na tíre. Tá sé ag cuidiú le daoine leochaileacha, ag tacú le hionchuimsiú sóisialta, agus ag neartú ár bpobal. Tá an maoiniú ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol daoine agus beidh tionchar dearfach fadtéarmach i gceist leis sna pobail ar a fhreastalaíonn sé.”
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:
“Fáiltím roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin ina leagtar amach conas mar a díríodh ar mhíbhuntáiste le maoiniú de bhreis is €43 milliún an bhliain seo caite. Laistigh dár Roinn féin, baineadh úsáid as breis is €10 milliún i gcomhair bearta tábhachtacha cosúil leis an Scéim Rabhaidh do Sheanóirí, neart tionscadal faoi Rethink Ireland, Fiontraíocht Shóisialta, Bearta Spriocdhírithe d’Ionchuimsiú Sóisialta agus tionscnaimh Leabharlann. Níorbh fhéidir na tacaíochtaí seo a chur ar fáil gan Ciste na gCuntas Díomhaoin, atá ina thacaíocht leanúnach don ionchuimsiú sóisialta agus do chúiseanna fiúntacha i bpobail ar fud ár dtíre.”
