Skip to content

Press Release: Minister Calleary announces €2.5 million for 44 community vehicles under the CLÁR programme

Preasráiteas: €2.5 milliún i gcomhair 44 fheithicil phobail faoi CLÁR fógartha ag an Aire Calleary

Press Release

Thursday, 1 October 2026

Minister Calleary announces €2.5 million for 44 community vehicles under the CLÁR programme

  • Vehicles for search and rescue groups, first responders and meals on wheels service providers
  • Support provided to assist people with accessing cancer care and those with mobility needs

Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has today (Thursday, 1 October 2026) announced €2.5 million to deliver 44 vehicles under measure 2 of the 2026 CLÁR programme.

The CLÁR programme funds small-scale infrastructure projects in designated rural areas through a range of different measures.

The funding announced today for vehicles under measure 2 of the scheme will empower community and voluntary organisations to continue delivering much needed services for people with reduced mobility in accessing day care and vital therapeutic treatments, and for people attending clinics to access cancer treatment. The announcement today will also provide funding towards vehicles for community first responders, search and rescue organisations and groups that provide meals on wheels in our communities.

Among the projects being funded include:

  • County Cavan – Bailieboro Cancer Comfort CLG: Funding of €32,000 for a wheelchair accessible van    in the Bailieboro Cootehill area.
  • County Cork – Mallow Search and Rescue: Funding of €49,950 for a search and rescue boat in Kanturk.
  • County Kerry – Rockmount Care Centre: Funding of €70,160 to procure an 8-seater van in Rathmore.
  • County Mayo – Western Care: Funding of €74,700 for a wheelchair accessible van serving the Ballyhaunis area.
  • County Offaly – North Offaly Community Development Network CLG: Funding of €24,800 for a meals on wheels van serving the Daingean area.
  • County Tipperary – Irish Red Cross: Funding of €50,000 for an ambulance for Tipperary town and surrounding areas.
  • County Wexford – Slaney Search and Rescue: Funding of €90,000 for a rescue jeep serving the River Slaney around the Ballyhogue district.

Making the announcement, Minister Calleary said:

“Today, I’m delighted to be allocating over €2.5 million for these vital services. These are community and voluntary groups who support us in times of need, be that through search and rescue, meals on wheels or in accessing lifesaving treatments.

“The CLÁR programme is an essential funding source for many communities across Ireland and this is the first allocation since I expanded the designated areas. There are 110 new Electoral Divisions with a population of nearly 150,000 people that are now designated as CLÁR areas.

“For the first time in the history of the CLÁR programme, there is over 1 million people living in parts of Ireland that are eligible to apply for this important funding. This expansion was a Programme for Government commitment that I was very happy to deliver on.”

The funding announced today is in respect of Measure 2 (Mobility, Cancer Care, First Responder and Meals on Wheels Transport). Further announcements in respect of Measures 1 and 3 of the 2026 CLÁR programme will be made later this year.

Minister of State at the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, Jerry Buttimer TD, said:

“The CLÁR programme, now benefitting over one million people, continues to support community groups and in particular under measure 2, with vehicles to assist those in our communities who are in most need, be it through mobility transport, meals on wheels or our important search and rescue teams. This funding will deliver for rural Ireland.”

Minister Calleary concluded:

“The 44 vehicles I have approved today will have a transformative effect on many lives around the county. Through the CLÁR porgramme, these organisations are empowered to continue delivering service and supports for those in our community including those with mobility needs.”

Details of the 44 projects announced today are available here. 




Preasráiteas

Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2026

€2.5 milliún i gcomhair 44 fheithicil phobail faoi CLÁR fógartha ag an Aire Calleary

  • Feithiclí do ghrúpaí cuardaigh agus tarrthála, céad fhreagróirí agus soláthróirí seirbhísí béilí ar rothaí
  • Tacaíocht á cur ar fáil le cabhrú le daoine chun rochtain a fháil ar chúram ailse agus leo siúd le riachtanais soghluaisteachta

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair) go gcuirfear €2.5 milliún ar fáil chun 44 fheithicil a sholáthar faoi bheart 2 de CLÁR 2026.

Faoi CLÁR, maoinítear miontionscadail bhonneagair i gceantair thuaithe ainmnithe trí réimse beart difriúil.

Leis an mhaoiniú a fógraíodh inniu d’fheithiclí faoi bheart 2 den scéim, cuirfear ar chumas eagraíochtaí pobail agus deonacha leanúint de bheith ag cur seirbhísí bunriachtanacha ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta chun rochtain a fháil ar chúram lae agus cóireáil theiripeach riachtanach, agus do dhaoine atá ag freastal ar chlinicí le cóireáil ailse a fháil. Fógraíodh freisin inniu go gcuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair feithiclí do chéad fhreagróirí pobail, eagraíochtaí cuardaigh agus tarrthála agus grúpaí a chuireann béilí ar rothaí ar fáil inár bpobail.

Áirítear iad seo a leanas ar na tionscadail atá á maoiniú:

  • Contae an Chabháin – Bailieboro Cancer Comfort CLG: Maoiniú €32,000 i gcomhair veain atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí i gceantar Choill an Chollaigh – Muinchille.
  • Contae Chorcaí – Cuardach agus Tarrtháil Mhala: Maoiniú €49,950 i gcomhair bád cuardaigh agus tarrthála i gCeann Toirc.
  • Contae Chiarraí – Rockmount Care Centre: Maoiniú €70,160 chun veain 8-gcathaoir a sholáthar sa Ráth Mhór.
  • Contae Mhaigh Eo – Western Care: Maoiniú €74,700 i gcomhair veain atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí le freastal ar cheantar Bhéal Átha hAmhnais.
  • Contae Uíbh Fhailí – North Offaly Community Development Network CLG: Maoiniú €24,800 i gcomhair veain béilí ar rothaí le freastal ar cheantar an Daingin.
  • Contae Thiobraid Árann – Cros Dhearg na hÉireann: Maoiniú €50,000 i gcomhair otharchairr le freastal ar bhaile Thiobraid Árann agus an ceantar máguaird.
  • Contae Loch Garman – Cuardach agus Tarrtháil na Sláine: Maoiniú €90,000 i gcomhair jíp tarrthála le freastal ar abhainn na Sláine timpeall cheantar Bhaile Uí Cheog.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Calleary:

“Is cúis áthais dom breis is €2.5 milliún á leithdháileadh i gcomhair na seirbhísí bunriachtanacha seo. Grúpaí pobail agus deonacha iad seo a thacaíonn linn in am riachtanais, bíodh sé trí chuardach agus tarrtháil, béilí ar rothaí nó rochtain a fháil ar chóireáil le beatha a shábháil.

“Is foinse bhunriachtanach mhaoinithe é CLÁR don iliomad pobal ar fud Éireann agus is seo an chéad leithdháileadh ó chuir mé síneadh leis na ceantair ainmnithe. Tá 110 dToghroinn nua ann, ina bhfuil daonra de bheagnach 150,000 duine, atá rangaithe anois mar cheantair CLÁR.

“Den chéad uair riamh i stair CLÁR, tá breis is milliún duine ina gcónaí in áiteanna in Éirinn atá incháilithe chun cur isteach ar an maoiniú tábhachtach seo. Ba mhór an áthas a bhí orm an síneadh seo, ar gealltanais sa Chlár Rialtais é, a thabhairt i gcrích.”

Baineann an maoiniú a fógraíodh inniu le Beart 2 (Soghluaisteacht, Cúram Ailse, Céad Fhreagróirí agus Iompar Béilí ar Rothaí). Déanfar tuilleadh fógraí maidir le Beart 1 agus 3 de CLÁR 2026 níos déanaí i mbliana.

Dúirt Jerry Buttimer TD, Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta:

“Leanann CLÁR, a bhfuil breis is milliún duine ag baint tairbhe as anois, de bheith ag tacú le grúpaí pobail agus go háirithe faoi bheart 2, le feithiclí chun tacú leo siúd is mó gá inár bpobail, bíodh sé trí iompar soghluaisteachta, béilte ar rothaí, nó ár bhfoirne tábhachtacha cuardaigh agus tarrthála. Rachaidh an maoiniú seo chun tairbhe cheantair thuaithe na hÉireann.”

Ar deireadh, dúirt an tAire Calleary:

“Is mór an tionchar a bheidh ag na 44 fheithicil a d’fhaomh mé inniu ar an iliomad saol ar fud na tíre. Trí CLÁR, cuirtear ar chumas na n-eagraíochtaí seo leanúint de bheith ag cur seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil dár bpobail, go háirithe dóibh siúd le riachtanais soghluaisteachta.”

Tá sonraí faoi na 44 thionscadal a fógraíodh inniu ar fáil anseo. 

Newsletter 01.10.2026

This week’s PPN E-Bulletin is full of updates, upcoming PPN dates, community opportunities, funding and ways to get involved! We have a date for the Cork County PPN Winter Plenary, taking …