Skip to content

Press Release: Minister Calleary announces over €5.6 million to support small upgrade and refurbishment works under Category 1 of the Community Centre Investment Fund

Press Release

Friday, 6 November 2026

Minister Calleary announces over €5.6 million to support small upgrade and refurbishment works under Category 1 of the Community Centre Investment Fund

  • 279 community centres to receive funding of between €1,800 and €25,000 in first round of funding for 2026
  • Almost €118 million now awarded under the Community centre Investment Fund since 2022
  • Funding for facility improvements, energy upgrades and other small scale capital works
  • Category 2 funding of up to €100,000 to be announced in the coming months

The Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has today (Friday, 6 November 2026) announced an investment of over €5.6 million which will deliver enhancement and refurbishment works on 279 community centres nationwide.

The announcement today is under Category 1 of Community Centre Investment Fund (CCIF) which fund small works up to a value of €25,000. This builds on the success of the fund to date with almost €118 million now approved for projects across the country.

Some of 279 successful community centre projects announced today, who will receive capital funding of up to €25,000, include:

  • County Clare – Crusheen Community Centre– €19,280 for kitchen upgrade, stage improvements and general enhancements.
  • County Cork – Midleton GAA Community Hall -€23,234 for the installation of solar panels.
  • Newcastle – Dublin 22 – Saint Finian’s Community Hall €25,000 for bathroom upgrades.
  • County Kildare – Straffan Community Hall Committee €25,000 for community Hall upgrade works, doors and furniture.
  • County Limerick – Newcastle West Community Centre €23,700 for painting works.
  • County Mayo – Moygownagh GAA Community Centre €25,000 for roof repairs and solar panels.
  • County Westmeath – Ballinahown Community Hall €25,000 for refurbishment to sanitary provisions.

Speaking at the announcement, Minister Calleary said:

“I am delighted to be making this announcement today under the Community Centre Investment Fund. At the launch of “Our Rural Future” last week, I said, “our focus now is firmly on delivery, working across Government to deliver practical improvements that make a real difference to people living and working in rural Ireland”.  Today is part of that delivery, with funding to enhance the facilities in 279 community centres nationwide and even more centres to be approved funding before the end of the year.

“Community Centres are the key stone to community life. It is here we meet for social, cultural and sporting events, in good times and bad.

“This funding will empower community groups to be more resilient and to offer a wider range of facilities and supports in a more comfortable, sustainable and accessible setting.”

The Community Centres Investment Fund 2026 – Refurbishment– was launched in March 2026 to provide support for upgrade and enhancement works on existing community centres under two categories;

•              Category 1 for minor works with grant aid up to €25,000

•              Category 2 for larger works with grant aid up to €100,000

Further approvals under category 2, which will see funding of up to €100,000 for larger improvement works, will be announced in the coming months.

The Minister concluded:

“Through the Community Centre Investment Fund, over 1,300 communities nationwide are benefitting from the works approved to date. The funding I am announcing today will further enhance community life in rural and urban areas in every county.

“This brings the total approved under the CCIF since 2022 to almost €118 million.

“I very much look forward to seeing the difference this funding will make for these communities and will be announcing a further tranche of supports for larger projects with funding up to €100,000 in the coming months.”

A list of the 279 projects announced today can be found here together with an interactive map detailing the locations and proposed works for each successful applicant.




Preasráiteas

Dé hAoine, 6 Samhain, 2026

Breis is €5.6 milliún fógartha ag an Aire Calleary chun tacú le mionoibreacha uasghrádaithe agus athchóirithe faoi Chatagóir 1 de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail

•              279 ionad pobail chun maoiniú idir €1,800 agus €25,000 a fháil sa chéad bhabhta maoinithe i gcomhair 2026

•              Beagnach €118 milliún bronnta anois faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail ó 2022 i leith

•              Maoiniú i gcomhair feabhsúcháin ar áiseanna, uasghráduithe fuinnimh agus mionoibreacha caipitil eile

•              Déanfar fógra faoi mhaoiniú Chatagóir 2 suas le €100,000 sna míonna amach romhainn

Inniu ( Dé hAoine, 6 Samhain, 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go ndéanfar breis is €5.6 milliún a infheistiú chun oibreacha feabhsúcháin agus athchóirithe a thabhairt i gcrích ar 279 n-ionad pobail ar fud na tíre.

Baineann fógra an lae inniu le Catagóir 1 de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail (CILP) faoina maoinítear mionoibreacha lena mbaineann luach suas le €25,000. Cuireann sé seo leis an rath atá ar an chiste go dtí seo, le beagnach €118 milliún ceadaithe anois i gcomhair tionscadal timpeall na tíre.

Áirítear iad seo a leanas ar na 279 dtionscadal ionaid pobail a d’éirigh leo maoiniú caipitil suas le €25,000 a fháil faoin fhógra inniu:

  • Contae an Chláir – Ionad Pobail Chroisín – €19,280 i gcomhair uasghrádú cistine, feabhsúcháin stáitse agus feabhsúcháin ghinearálta.
  • Contae Chorcaí – Halla Pobail CLG Mhainistir na Corann – €23,234 chun painéil ghréine a shuiteáil.
  • An Caisleán Nua, Baile Átha Cliath 22 – Halla Pobail Fhinnéin €25,000 i gcomhair uasghráduithe ar an tseomra folctha.
  • Contae Chill Dara – Coiste Halla Pobail Theach Srafáin – €25,000 i gcomhair oibreacha uasghrádaithe ar an halla pobail, doirse agus troscán.
  • Contae Luimnigh – An Caisleán Nua – €23,700 i gcomhair oibreacha péinteála.
  • Contae Mhaigh Eo – Ionad Pobail CLG Mhaigh Ghamhnach – €25,000 i gcomhair deisiúcháin dín agus painéil ghréine.
  • Contae na hIarmhí – Halla Pobail Bhuaile na hAbhann – €25,000 i gcomhair athchóiriú ar áiseanna sláintíochta.

Agus é ag labhairt ag an fhógra, dúirt an tAire:

“Is cúis áthais dom an fógra seo a dhéanamh faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail. Ag seoladh “Ár dTodhchaí Tuaithe” an tseachtain seo caite, dúirt mé, “táimid ag díriú go daingean ar sheachadadh, ag obair ar fud an Rialtais chun feabhsuithe praiticiúla a bhaint amach a dhéanfaidh difríocht mhór do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair i gceantair thuaithe na hÉireann”.  Is cuid den seachadadh sin é fógra an lae inniu, le maoiniú chun feabhas a chur ar na háiseanna in 279 n-ionad pobail ar fud na tíre agus faomhadh le tabhairt i gcomhair tuilleadh ionad eile roimh dheireadh na bliana.”

“Is bunchloch shaol an phobail iad ionaid phobail. Is iontu a bhailíonn muid i gcomhair imeachtaí sóisialta, cultúir agus spóirt, ar laethanta maithe agus olca.

“Ón mhaoiniú seo gheobhaidh grúpaí pobail an chumhacht le bheith níos acmhainní agus le réimse níos leithne áiseanna agus tacaíochtaí a chur ar fáil i suíomh níos compordaí inbhuanaithe inrochtana.”

Seoladh Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026: Athchóiriú i mí an Mhárta 2026 chun tacaíocht a chur ar fáil i gcomhair oibreacha uasghrádaithe agus feabhsaithe ar ionaid phobail atá ann cheana faoi dhá chatagóir:

•           Catagóir 1 i gcomhair mionoibreacha le cúnamh deontais suas le €25,000

•           Catagóir 2 i gcomhair oibreacha móra le cúnamh deontais suas le €100,000

Déanfar fógra sna míonna amach romhainn faoi bhreis maoinithe a cheadófar faoi chatagóir 2, faoina mbronnfar maoiniú suas le €100,000 i gcomhair oibreacha feabhsúcháin móra.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Trí Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail, tá breis is 1,300 pobal ar fud na tíre ag baint tairbhe as na hoibreacha a ceadaíodh go dtí seo. Leis an maoiniú a d’fhógair mé inniu cuirfear breis feabhais ar shaol pobail i gceantair thuaithe agus uirbeacha in gach contae.

“Fágann sé seo gur ceadaíodh beagnach €118 milliún faoi CILP ó 2022 i leith.

“Táim ag súil go mór leis an difríocht a dhéanfar leis an maoiniú seo do na pobail seo, agus beidh sciar tacaíochtaí eile á bhfógairt agam i gcomhair tionscadail mhóra le maoiniú suas le €100,000 sna míonna amach romhainn.”

Is féidir teacht ar liosta de na 279 dtionscadal a fógraíodh inniu anseo in éineacht le léarscáil idirghníomhach ar a sonraítear na suíomhanna agus oibreacha atá beartaithe do gach iarrthóir a d’éirigh leo.