Preasráiteas: Plean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2027 foilsithe ag an Aire Buttimer
Press Release
Tuesday, 17 November 2026

Minister Buttimer publishes the Dormant Accounts Fund Action Plan 2027
- €50 million in funding to help address disadvantage
Jerry Buttimer TD, Minister of State at the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, today (Tuesday, 17 November 2026) announced funding of just over €50 million for 2027, from the Dormant Accounts Fund, to address disadvantage right across the country.
The Dormant Accounts Fund is used to fund measures that address economic, social, or educational disadvantage and to support people with a disability. The 2027 Action Plan allocates funding of €50.1 million to 46 measures to be delivered across 12 Government Departments, covering a range of policy areas. For example, €10 million will be provided for measures aimed at improving participation in sports in disadvantage communities and for persons with disabilities, €4 million will be provided for youth and community justice services, and €3.3 million will be provided for measures to assist family carers into employment or training, promoting employment for neurodiverse adults, and enhance social inclusion for older people living alone.
Examples of some new measures contained in the 2027 Action Plan include:
· Disability Residential Services (Department of Children, Disability and Equality) – €865,000 to fund a year-long project to develop the “A Place to Call Home” rights-based model of service, which aims to ascertain the most appropriate pathway for each individual in this vulnerable cohort and to ultimately avoid entry to Nursing Homes for people with disabilities where possible. It will focus on supporting younger adults with disabilities to live, age and thrive in their own communities.
· Social inclusion supports for older people living alone (Department of Social Protection) – €1 million to fund projects that would promote social inclusion for older people living alone. The supports comprise a wide range of initiatives such as transporting older to people to community activities, developing and operating community activities targeted at older people living alone and providing access to relevant support services.
· Wheatfield Prison Construction Skills to Employment (Department of Justice, Home Affairs and Migration) – €59,477 to fund a one-year pilot to equip men serving sentences at Wheatfield Prison with construction skills and a direct employment pathway into sub-contracting roles on release.
Launching the Action Plan today, Minister Buttimer said:
“I am very pleased to officially launch the Dormant Accounts Fund Action Plan 2027. The 46 measures approved for funding in 2027, totalling just over €50 million, will be implemented across Government and address a diverse range of issues such as, disability, youth disadvantage, migrant integration, sports measures for disadvantaged communities and supports for minority communities.”
The Minister continued:
“Each year the funds from Dormant Accounts make a real difference to disadvantaged individuals and communities across the country. The 2027 Action Plan will help ensure that we continue to support the most vulnerable in society in line with the objectives of the Fund. I am particularly pleased that in 2027 an additional €3 million investment will be provided in continued support for people with disabilities and the disadvantaged in our society. I have seen the impact of this funding first hand and am delighted to see such a significant amount of money being committed in this Action Plan.”
Minister Dara Calleary TD noted:
“I welcome the 2027 Dormant Accounts Action Plan which will see another €50.1 million in funding targeted at addressing disadvantage across Ireland over a wide range of measures and Government Departments. Within my own Department, it allows for continued funding of €2.1 million for the Senior Alerts Scheme, €4 million for Rethink Ireland and €1.5 million to support implementation of the National Philanthropy Policy. It will also see support for Social Enterprise measures of €2 million continue, and for the many individual groups under the Targeted Social Inclusion Measure receiving €780k in total.
“It is great to see the Dormant Accounts Fund being put to such good use and providing assistance to many worthwhile projects and organisations. All of these measures are helping people in our communities and providing real social and economic benefits right across the country.”
Preasráiteas
Dé Máirt, 17 Samhain 2026

Plean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2027 foilsithe ag an Aire Buttimer
- Maoiniú €50 milliún chun dul i ngleic le míbhuntáiste
Inniu (Dé Máirt, 17 Samhain 2026) d’fhógair Jerry Buttimer TD, Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, maoiniú de bhreis is €50 milliún i gcomhair 2027 ó Chiste na gCuntas Díomhaoin chun dul i ngleic le míbhuntáiste fud fad na tíre.
Baintear úsáid as Ciste na gCuntas Díomhaoin chun maoiniú a thabhairt i gcomhair bearta lena dtugtar aghaidh ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachasúil, agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Faoi Phlean Gníomhaíochta 2027, leithdháilfear maoiniú de €50.1 milliún ar 46 bheart atá le tabhairt i gcrích ar fud 12 Roinn Rialtais, lena gclúdófar an iliomad réimsí beartais. Mar shampla, cuirfear €10 milliún ar fáil i gcomhair bearta a bheidh dírithe ar rannpháirtíocht sa spórt a fheabhsú i bpobail faoi mhíbhuntáiste agus dóibh siúd faoi mhíchumas, cuirfear €4 milliún ar fáil i gcomhair seirbhísí ceartais d’óige agus pobail, agus cuirfear €3.3 milliún ar fáil i gcomhair bearta chun tacú le cúramóirí teaghlaigh fostaíocht nó oiliúint a fháil, fostaíocht a chur chun cinn i measc aosaigh néara-éagsúla, agus ionchuimsiú sóisialta a fheabhsú do dhaoine aosta atá ina gcónaí leo féin.
Áirítear na samplaí seo a leanas ar na bearta nua atá i bPlean Gníomhaíochta 2027:
· Seirbhísí Cónaithe Míchumais (An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais) – €865,000 i gcomhair tionscadal bliana chun múnla seirbhíse atá bunaithe ar chearta, “Áit le Bheith sa Bhaile”, atá dírithe ar an chonair is oiriúnaí a dhéanamh amach do gach duine sa ghrúpa leochaileach seo agus, ar deireadh, cabhrú le daoine faoi mhíchumas fanacht amuigh ón Teach Altranais a mhéid agus is féidir. Cuirfear béim ar thacaíocht d’aosaigh óga faoi mhíchumas le maireachtáil, dul in aois agus teacht faoi bhláth ina bpobail féin.
· Tacaíochtaí ionchuimsithe sóisialta do dhaoine aosta atá ina gcónaí leo féin (An Roinn Coimirce Sóisialaí) – €1 milliún i gcomhair tionscadal chun an t-ionchuimsiú sóisialta a chur chun cinn i measc daoine aosta atá ina gcónaí leo féin. Tá réimse leathan tionscnamh i measc na dtacaíochtaí, ar nós daoine aosta a iompar go gníomhaíochtaí pobail, forbairt agus reáchtáil gníomhaíochtaí pobail atá dírithe ar dhaoine aosta atá ina gcónaí leo féin, agus rochtain ar sheirbhísí tacaíochta ábhartha a chur ar fáil.
· Scileanna Tógála chun Fostaíochta de chuid Phríosún Pháirc na Cruithneachta (An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce) – €59,477 le tionscnamh píolótach bliana a mhaoiniú, chun scileanna tógála a thabhairt d’fhir sa phríosún lena n-ullmhú i gcomhair conair dhíreach fostaíochta i róil fochonraitheora i ndiaidh a saortha.
Agus é ag seoladh an Phlean Gníomhaíochta inniu, dúirt an tAire Buttimer:
“Is cúis áthais dom Plean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2027 a sheoladh go hoifigiúil. Cuirfear na 46 bheart ar ceadaíodh maoiniú iomlán de bhreis is €50 milliún ina leith in 2027, cuirfear i bhfeidhm iad ar fud an Rialtais agus díreofar ar réimse leathan ceisteanna cosúil le míchumas, míbhuntáiste óige, lánpháirtiú imirceach, bearta spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste agus tacaíochtaí do phobail mhionlaigh.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Is mór an difear a dhéanann cistí ó Chuntais Dhíomhaoine gach bliain do dhaoine agus pobail faoi mhíbhuntáiste ar fud na tíre. Beidh Plean Gníomhaíochta 2027 ina chabhair dúinn le cinntiú go leanann muid lenár dtacaíocht dóibh siúd is leochailí sa tsochaí, de réir chuspóirí an Chiste. Is cúis áthais ar leith dom go gcuirfear infheistíocht bhreise €3 milliún ar fáil in 2027 le leanúint leis an tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas agus dóibh siúd faoi mhíbhuntáiste inár sochaí. Tá tionchar an mhaoinithe seo feicthe agam féin agus táim an-sásta go bhfuil an méid suntasach airgid seo á ghealladh sa Phlean Gníomhaíochta seo.”
Dúirt an tAire Dara Calleary TD:
“Cuirim fáilte roimh Phlean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2027 lena ndíreofar maoiniú de €50.1 milliún eile ar an míbhuntáiste a chomhrac ar fud na hÉireann thar réimse leathan beart agus Ranna Rialtais. Mar gheall ar an gCiste, tá mo Roinn féin in ann leanúint le maoiniú €2.1 milliún don Scéim Rabhaidh do Sheanóirí, €4 milliún do Rethink Ireland agus €1.5 milliún chun tacú le cur i bhfeidhm an Bheartais Náisiúnta Daonchairdis. Leanfar le €2 milliún i gcomhair bearta Fiontraíochta Sóisialta ann dá bharr freisin, agus tabharfar €780k ar an iomlán don iliomad grúpaí aonair faoin Bheart um Ionchuimsiú Sóisialta Spriocdhírithe.
“Is iontach an rud é go bhfuil Ciste na gCuntas Díomhaoin á chur chun sochair mar seo agus go bhfuil cúnamh á thabhairt don iliomad tionscadail agus eagraíochtaí fiúntacha. Bainfidh ár bpobail tairbhe as na bearta seo ar fad, lena gcuirfear fíorbhuntáistí sóisialta agus eacnamaíocha ar fáil fud fad na tíre.”
