Skip to content

Press Release: Minister Buttimer welcomes Social Enterprise participants to Ireland’s Annual Social Enterprise Conference

Press Release

Thursday, 19 November 2026

Minister Buttimer welcomes Social Enterprise participants from Across Europe to Ireland’s Annual Social Enterprise Conference at the City North Hotel

  • Celebrating International Social Enterprise Day at the National Social Enterprise Conference as part of Ireland’s EU Presidency
  • Launch of the Report on ‘Social Enterprises in Ireland: 2026 National Data Collection Exercise’ shows 4733 Social Enterprises contributing €2.45bn to our economy
  • Social entrepreneurs, policymakers, practitioners, researchers, community leaders and other stakeholders from Ireland and across Europe come together to explore the future of social enterprise
  • Launch of the European Social Enterprise Monitor, the largest data set on social enterprise across Europe

Minister Jerry Buttimer, Minister of State at the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, with special responsibility for Community Development and Charities, today (Thursday, 19 November 2026), provided the welcome address at Ireland’s National Social Enterprise Conference, to a gathering of more than 500 delegates, in person and online, from the social enterprise sector in Ireland and across Europe. The conference took place at the City North Hotel, County Meath on International Social Enterprise Day.

As part of Ireland’s EU Presidency programme, the theme of the conference was ‘Ireland, Europe and Social Enterprise’. The conference brought together social entrepreneurs, policymakers, practitioners, researchers, community leaders and other stakeholders from Ireland and across Europe to explore the future of social enterprise and the opportunities for greater collaboration.  The MC for the event was Dr. Mamobo Ogoro, CEO of social enterprise “GORM Media”.

Opening the conference, Minister of State Jerry Buttimer TD said:

“Social enterprises are at the heart of communities in every county in Ireland and across Europe. They bridge the gap between economic growth and community well-being by trading with a core social or environmental mission. 

“This Conference provides us with an unique opportunity to show our European partners what Irish social enterprises are achieving, and to learn from the best of what is happening across Europe”

The conference provided a unique opportunity to showcase Ireland’s social enterprise sector within a wider European context, learn from experience across Europe and build new relationships between Irish and European stakeholders.

Featuring contributions from Irish and European speakers, practical examples from social enterprises, policy discussions and opportunities to connect with others working across the sector, participants:

  • Heard from leading Irish and European voices in social enterprise
  • Explored emerging policy and practice across Ireland and Europe
  • Learned from practical examples of social enterprise in action
  • Explored opportunities for future collaboration and relationship building

A European morning, a domestic afternoon

The morning session focused on Europe and the policy and opportunities for social enterprise in the context of the European Commission’s Social Economy Action Plan and forthcoming multiannual financial framework. The Irish launch of the European Social Enterprise Monitor, the largest data set on social enterprise across Europe.

Speaking at the event, Wieteke Dupain, CEO, Euclid Network said:

“Ireland’s Presidency comes at a decisive moment for social enterprise in Europe. As the EU turns its attention to competitiveness, social enterprises show that a strong economy and a fair society can be built together. Irish social enterprises have a great deal to offer that conversation, and SERI has been a valued partner in our network. Launching the European Social Enterprise Monitor in Ireland on International Social Enterprise Day gives policymakers here and in Brussels the evidence they need to back a sector that delivers for people and places.”

The afternoon session turned to Ireland, with updates on the delivery of the National Social Enterprise Policy Trading for Impact, the launch of the results from the 2026 National Social Enterprise Census, and shared lived experience around making social enterprise more financially sustainable. Participants attended a number of ‘Breakout labs’ on the new National Public Procurement Strategy, community wealth building and social impact measurement.

Key speakers at the Conference included:

  • Jerry Buttimer TD, Minister of State at the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht (Opening Address)
  • Séamus Boland, President of the European Economic and Social Committee (Keynote: Why Europe Needs Social Enterprise to Compete, Innovate & Thrive)
  • Bairbre Nic Aongusa, Assistant Secretary General, DRCDG
  • Sarah De Heusch, Director, Social Economy Europe
  • Wieteke Dupain, CEO, Euclid Network
  • Rebecca Sunnus, European Economic and Social Committee
  • Patrizia Bussi, Director, ENSIE
  • Gerry Higgins, CEO, Social Enterprise World Forum (SEWF)

Speaking about the launch of the Data Collection Report, the Minister stated:

“This second National Data Collection Exercise strengthens the evidence base established in 2022. It confirms that the social enterprise sector is a substantial, diverse and long-established part of Irish economic and community life, present in every county and particularly significant in rural areas. Social enterprises provide employment for tens of thousands of people and create opportunities for people at risk of social disadvantage. They also mobilise a large volunteer base and contribute an estimated €2.45 billion in income to the economy.

“However, the findings also highlight challenges. From the privilege I have of visiting organisations and seeing constructive work around the country, I see that social enterprises have a structure and an ethos and a set of values underpinning them that enables us to maximise their effectiveness in transforming the lives of citizens across Europe.”

In his closing remarks, the Minister stated:

“I am committed to making sure that we take forward our agenda as set out in Trading for Impact, and we work with you to create the space to enable you to make more of an impact on improving outcomes for people in our society, and that social entrepreneurs are seen as essential architects of a fair, sustainable European economy.”




Preasráiteas

Déardaoin, 19 Samhain 2026

Fáilte curtha ag an Aire Buttimer roimh rannpháirtithe Fiontraíochta Sóisialta go Comhdháil Bhliantúil na hÉireann um Fhiontraíocht Shóisialta

  • Ceiliúradh á dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na Fiontraíochta Sóisialta ag an Chomhdháil Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE
  • Léirítear le seoladh na Tuarascála um ‘Fhiontair Shóisialta in Éirinn: Beart Náisiúnta Bailithe Sonraí 2026’ go bhfuil 4,733 fhiontar shóisialta ag cur €2.45bn lenár ngeilleagar
  • Tháinig fiontraithe sóisialta, baill den lucht déanta beartais, cleachtóirí, taighdeoirí, ceannairí pobail agus geallsealbhóirí eile ó Éirinn agus ó gach cearn den Eoraip le chéile chun todhchaí na fiontraíochta sóisialta a phlé
  • Seoladh Mhonatóir na hEorpa um Fhiontraíocht Shóisialta, an tacar sonraí is mó i gcomhair na fiontraíochta sóisialta ar fud na hEorpa

Inniu (Déardaoin, 19 Samhain 2026) thug an tAire Jerry Buttimer, Aire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le freagracht speisialta as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, an t-aitheasc fáiltithe ag Comhdháil Náisiúnta na hÉireann um Fhiontraíocht Shóisialta, os comhair breis is 500 toscaire a bhí i láthair go pearsanta nó ar líne, ó earnáil na bhfiontar sóisialta in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Tharla an chomhdháil in Óstán City North, Contae na Mí, ar Lá Idirnáisiúnta na Fiontraíochta Sóisialta.

Mar chuid de chlár Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, ba é téama na comhdhála ná ‘Éire, an Eoraip agus an Fhiontraíocht Shóisialta’. Bhailigh fiontraithe sóisialta, baill den lucht déanta beartais, cleachtóirí, taighdeoirí, ceannairí pobail agus geallsealbhóirí eile ó Éirinn agus ó gach cearn den Eoraip le chéile sa chomhdháil le todhchaí na fiontraíochta sóisialta agus deiseanna i gcomhair breis comhoibrithe a phlé.  Ba é reachtaire an imeachta ná an Dr. Mamobo Ogoro, POF an fhiontair shóisialta “GORM Media”.

Agus é ag oscailt na comhdhála, dúirt an tAire Stáit Jerry Buttimer T.D.:

“Is ag croílár pobal atá fiontair shóisialta i gach contae in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Druideann siad an bhearna idir an fás eacnamaíoch agus dea-bhail an phobail trí thrádáil a dhéanamh le croíchuspóir sóisialta nó comhshaoil. 

“Tugtar deis ar leith dúinn leis an gComhdháil seo chun taispeáint dár gcomhpháirtithe Eorpacha cad atá á bhaint amach ag fiontair shóisialta Éireannacha, agus chun foghlaim ó eiseamláirí na hEorpa.”

Ba dheis ar leith í an Chomhdháil chun earnáil fiontraíochta sóisialta na hÉireann a chur ar taispeáint laistigh de chomhthéacs na hEorpa i gcoitinne, foghlaim ó thaithí ar fud na hEorpa agus caidrimh nua a chothú idir gheallsealbhóirí Éireannacha agus Eorpacha.

Le hionchur ó chainteoirí Éireannacha agus Eorpacha, samplaí praiticiúla ó fhiontair shóisialta, plé faoi bheartas agus deiseanna chun ceangal le daoine eile atá ag obair ar fud na hearnála, bhí rannpháirtithe in ann:

  • Cloisteáil ó phríomhghuthanna Éireannacha agus Eorpacha san fhiontraíocht shóisialta
  • Plé a dhéanamh faoi bheartas agus cleachtas atá ag teacht chun cinn ar fud na hÉireann agus na hEorpa
  • Foghlaim ó shamplaí praiticiúla den fhiontraíocht shóisialta ag obair
  • Plé ar dheiseanna i gcomhair comhoibrithe agus cothú caidrimh amach anseo

Maidin Eorpach, tráthnóna baile

Bhí seisiún na maidine dírithe ar an Eoraip agus ar an bheartas agus na deiseanna i gcomhair na fiontraíochta sóisialta i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Shóisialta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, agus ar an chreat airgeadais ilbhliantúil atá le teacht. Seoladh Monatóir na hEorpa um Fhiontraíocht Shóisialta in Éirinn, arb é an tacar sonraí is mó faoin fhiontraíocht shóisialta ar fud na hEorpa.

Agus í ag labhairt ag an imeacht, dúirt Wieteke Dupain, POF Euclid Network:

“Tagann Uachtaránacht na hÉireann ag cor cinniúnach don fhiontraíocht shóisialta san Eoraip. Agus aird na hEorpa á díriú ar an acmhainn iomaíochta, is léir le fiontair shóisialta gur féidir geilleagar láidir agus sochaí chóir a thógáil i dteannta a chéile. Tá an-chuid le cur ag fiontair shóisialta na hÉireann leis an gcomhrá sin, agus is comhpháirtí luachmhar é SERI inár líonra go dtí seo. Is leor Monatóir na hEorpa um Fhiontraíocht Shóisialta a sheoladh in Éirinn ar Lá Idirnáisiúnta na Fiontraíochta Sóisialta mar fhianaise don lucht déanta beartais, anseo agus sa Bhruiséil, gur cheart dóibh tacú le hearnáil atá ag obair ar son daoine agus áiteanna.”

Is ar Éirinn a díríodh seisiún an tráthnóna, le huasdátuithe faoi sheachadadh an Bheartais Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta, Trádáil ar mhaithe le Tionchar, seoladh na dtorthaí ó Mhóráireamh Náisiúnta Fiontar Sóisialta 2026, agus taithí shaoil chomhroinnte maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais na fiontraíochta sóisialta a fheabhsú. D’fhreastail rannpháirtithe ar roinnt ‘Saotharlanna ar Leithligh’ faoin Straitéis Náisiúnta nua um Sholáthar Poiblí, cothú saibhris pobail agus tomhas an tionchair shóisialta.

Áirítear ar na príomhchainteoirí ag an Chomhdháil:

  • Jerry Buttimer T.D., Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (Aitheasc Oscailte)
  • Séamus Boland, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (Eochairaitheasc: An Fáth atá an Fhiontraíocht Shóisialta de dhíth ar an Eoraip chun dul in Iomaíocht, Nuálaíocht a Dhéanamh agus Teacht faoi Bhláth)
  • Bairbre Nic Aongusa, Rúnaí Cúnta, RFTPG
  • Sarah De Heusch, Stiúrthóir, Social Economy Europe
  • Wieteke Dupain, POF, Euclid Network
  • Rebecca Sunnus, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
  • Patrizia Bussi, Stiúrthóir, ENSIE
  • Gerry Higgins, POF, Social Enterprise World Forum (SEWF)

Agus é ag labhairt faoi sheoladh na Tuarascála Bailithe Sonraí, dúirt an tAire:

“Leis an dara Beart Náisiúnta Bailithe Sonraí seo, neartaítear an bonn fianaise a cruthaíodh in 2022. Deimhnítear leis gur cuid shuntasach éagsúil fhadbhunaithe de shaol eacnamaíoch agus pobail na hÉireann í earnáil na fiontraíochta sóisialta, atá le fáil i gach contae, agus suntas ar leith ag baint léi i gceantair thuaithe. Cuireann fiontair shóisialta fostaíocht ar fáil do na mílte daoine agus cruthaíonn siad deiseanna dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste sóisialta. Eagraíonn siad slua mór oibrithe deonacha agus meastar go gcuireann siad ioncam €2.45bn leis an ngeilleagar.

“Mar sin féin, tá dúshláin le sonrú sna torthaí freisin. “Ón phribhléid a bhí agam cuairt a thabhairt ar eagraíochtaí agus obair fhiúntach a fheiceáil ar fud na tíre, feicim go bhfuil struchtúr agus meon agus luachanna mar bhonn le fiontair shóisialta lenar féidir linn a n-éifeachtúlacht a uasmhéadú chun saol saoránach ar fud na hEorpa a athrú ó bhonn.”

Ina ráitis deiridh, dúirt an tAire:

“Tá rún daingean agam cinntiú go dtugann muid ár gclár oibre chun tosaigh, mar atá leagtha amach i dTrádáil ar mhaithe le Tionchar, agus oibríonn muid libh le spás a chruthú chun gur féidir libh breis tionchair a imirt ar thorthaí a fheabhsú do mhuintir ár sochaí, agus go bhfeictear gur ailtirí bunriachtanacha iad fiontraithe sóisialta ar son eacnamaíocht Eorpach atá cóir agus inbhuanaithe.”