Media Release: Minister Calleary attends 2nd National Outdoor Recreation Conference
Eisiúint Meáin
Déardaoin, 26 Meitheamh 2025

Freastalaíonn an tAire Calleary ar an Dara Comhdháil Fóillíochta faoin Aer
- Tá an chomhdháil lárnach i seachadadh ‘Ag Glacadh le Saol na hÉireann Amuigh faoin Aer’, straitéis na hÉireann chun earnáil fóillíochta faoin aer a fhás.
- Sheol an tAire Calleary leabhrán treorach freisin arna fhorbairt ag Comhairle na Tuaithe chun tacú le húinéirí talún atá ag soláthar rochtana ar a gcuid talún.
Inniu (Déardaoin, an 26 Meitheamh), chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, fáilte roimh bhreis is 200 toscaire ón earnáil fóillíochta faoin aer chuig an Dara Comhdháil Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer in Éirinn a tionóladh in Óstán Radisson Blu, Co. Luimnigh.
Ba é téama na comhdhála ná ‘Ag Glacadh le Saol na hÉireann faoin Aer – ag obair le chéile chun deiseanna fóillíochta ardchaighdeáin agus inbhuanaithe faoin aer a sholáthar’. Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil bhliantúil na príomhpháirtithe leasmhara náisiúnta san fhóillíocht faoin aer a thabhairt le chéile chun deiseanna líonraithe a sholáthar, dea-chleachtas a roinnt agus cur i bhfeidhm beartais agus forbairt beartais amach anseo a threorú. Áiríodh seisiún ann ar iompar freagrach lasmuigh agus chualathas dearcthaí de chuid na heagraíochtaí ceannródaíocha san earnáil freisin.
Ag an gcomhdháil, sheol an tAire Calleary an leabhrán ‘Fóillíocht na hÉireann faoin Aer’ i gcomhréir le gealltanas i nGlacadh le Saol nah Éireann faoin Aer, an Straitéis Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer 2023-2027. Forbraíodh an leabhrán d’úinéirí talún a sholáthraíonn rochtain fóillíochta ar a gcuid tailte, agus d’úsáideoirí áineasa, agus cuireann sé ar an eolas iad faoina gcearta agus a n-oibleagáidí.
Ag labhairt ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Calleary:
“Aithnímid go léir na buntáistí a bhaineann lena bheith gníomhach agus am a chaitheamh amuigh faoin aer. Tá am a chaitear sa dúlra go maith don chorp agus don anam araon. Anseo in Éirinn, tá an t-ádh linn go bhfuil an oiread sin deiseanna iontacha againn chun a bheith gníomhach sa dúlra. Leis sin tagann freagracht freisin a chinntiú go gcosnaímid ár dtimpeallacht trí ghníomhú i gcónaí ar bhealach freagrach agus muid gníomhach amuigh faoin aer.”
“Ag an am céanna, ní mór dúinn a bheith aireach freisin go bhfuil cuid mhaith dár gcosáin agus dár mbealaí siúil iontacha ar thalamh príobháideach. Gan dea-thoil úinéirí talún ní bheadh rochtain againn ar go leor ceantar faoin tuath. Tá sé ríthábhachtach go ngníomhóimid go léir go freagrach, agus go dtacaímid agus go dtugaimid meas ar na húinéirí talún a thugann rochtain ar a gcuid tailte.”
“Inniu, tá áthas orm leabhrán ‘Fóillíocht na hÉireann faoin Aer’ a sheoladh chun tacú le feirmeoirí agus úinéirí talún agus chun cabhrú leo siúd a bhaineann úsáid as ár dtuath álainn é sin a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe agus freagrach. Beidh sé seo chun leasa úinéirí talún, siúlóirí agus turasóirí araon.”
Agus an chomhdháil á hoscailt aici inniu, dúirt an Dr Úna May, Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann:
“Tá áthas orm an Chomhdháil Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer a oscailt inniu i Luimneach.
“Is iontach an rud é a bheith anseo i measc an oiread sin eagraíochtaí agus daoine aonair a roinneann paisean Spórt Éireann do chaitheamh aimsire faoin aer. In Éirinn táimid an-bhuíoch as timpeallachtaí ardchaighdeáin a bheith againn i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon atá oiriúnach do spórt agus do ghníomhaíocht choirp.
“Tá a fhios againn, ó fhoinsí cosúil le suirbhé Mhonatóir Spóirt na hÉireann, go bhfuil spéis agus rátaí rannpháirtíochta ag fás in go leor spórt faoin aer. Tá Spórt Éireann, trí aonad Spórt Allamuigh na hÉireann, tiomanta do rannpháirtíocht a mhéadú tuilleadh sna blianta amach romhainn i ngach cineál spóirt agus gníomhaíochta coirp lasmuigh.
“Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta chun deiseanna a chruthú do gach duine páirt a ghlacadh sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp lasmuigh agus taitneamh a bhaint astu.”
Media Release
Thursday, 26th June 2025

Minister Calleary attends 2nd National Outdoor Recreation Conference
- Conference is central to the delivery of ‘Embracing Ireland’s Outdoors’, Ireland’s strategy for growing the outdoor recreation sector.
- Minister Calleary also launches guidance booklet developed by Comhairle na Tuaithe (Countryside Council) to support landowners providing access to their land.
The Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has today (Thursday, 26th June) welcomed over 200 delegates from across the outdoor recreation sector to Ireland’s Second National Outdoor Recreation Conference which took place in the Radisson Blu Hotel, Co. Limerick.
The theme of the conference was ‘Embracing Ireland’s Outdoors – Working together to deliver high quality and sustainable outdoor recreation opportunities’. The annual conference aims to bring together the key national stakeholders in outdoor recreation to provide networking opportunities, share best practice and inform policy implementation and future policy development. It included a session on responsible behaviour in the outdoors and also heard contributions from some of the trailblazing organisations in the sector.
At the conference, Minister Calleary launched the ‘Recreation in Ireland’s Outdoors’ booklet in line with a commitment in Embracing Ireland’s Outdoors, the National Outdoor Recreation Strategy 2023-2027. The booklet has been developed for landowners who provide recreational access to their lands, and recreational users, and informs them of their rights and obligations.
Speaking at the conference, Minister Calleary stated:
“We all recognise the benefits that can be derived from being active and spending time in the outdoors. Time spent in nature is good for both body and soul. Here in Ireland we are blessed to have, within easy reach, so many wonderful opportunities to be active in nature. With that also comes a responsibility to ensure that we protect our environment by always acting in a responsible way when active in the outdoors.
“At the same time, we also need to be mindful that many of our wonderful trails and walking routes are on private lands. Without the goodwill of landowners we would not have access to many areas of the countryside. It is vital that we all act responsibly, and support and respect the landowners who have allowed access to their lands.
“Today, I am pleased to launch the ‘Recreation in Ireland’s Outdoors’ booklet to support farmers and landowners and facilitate those who access our beautiful countryside do so in a sustainable and responsible manner. This will benefit the landowner, walkers, hikers and tourists alike.”
Opening the conference today Dr Úna May, CEO Sport Ireland said:
“I’m delighted to open the National Outdoor Recreation Conference today in Limerick.
“It’s great to be here among so many organisations and individuals that share Sport Ireland’s passion for outdoor recreation. In Ireland we’re really blessed in having generally accessible and high-quality environments in both urban and rural locations suitable for sport and physical activity.
“We know, from sources like the Irish Sports Monitor survey, that there’s growing interest and participation rates in many outdoor sports. Sport Ireland, through our Sport Ireland Outdoors unit, is committed to increasing participation further over the coming years in all forms of sport and physical activity in the outdoors.
“We look forward to continuing to work in partnership with the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht to create opportunities for everyone to participate in and enjoy sport and physical activity in the outdoors.”