Skip to content

Eisiúint Meáin: Maoiniú €4.9m fógartha ag an Aire Calleary do thionscadail dhigiteacha Ghaeilge in Ollscoil Chathair BÁC

Media Release: Minister Calleary announces €4.9m in funding for Irish Language digital projects in Dublin City University

Eisiúint Meáin

Dé hAoine, an 21 Samhain 2025

Maoiniú €4.9m fógartha ag an Aire Calleary do thionscadail dhigiteacha Ghaeilge in Ollscoil Chathair BÁC

●    Maoiniú go ceann ceithre bliana cinntithe le haghaidh Dúchas, Logainm, Corpas

, Canúintagus Ainm

●    Maoiniú go ceann trí bliana cinntithe do thionscadal eSTÓR in Ionad Taighde ADAPT

●    Nascfar an nuálaíocht dhigiteach, an Ghaeilge agus cúrsaí oidhreachta sna hacmhainní digiteacha seo

●    An leagan Gaeilge de AI Literacy in the Classroom ­­– cúrsa ar líne saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile – seolta ag an Aire freisin

Inniu, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil deontas suas le €4,013,886 thar thréimhse ceithre bliana (2026-2029) ceadaithe aige

doGaois – an grúpa taighde de chuid Fiontar

&Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

(DCU)– chun forbairt shuntasach a dhéanamh ar a

gcúigmhórthionscadal Dúchas, Logainm, Corpas

, Canúint,agus Ainm. Chomh maith leis an infheistíocht seo, d’fhógair an tAire deontas €900,000 thar thréimhse trí bliana don tionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT san Ollscoil.

Is acmhainní taighde agus tagartha den scoth iad na tionscadail atá forbartha ag Gaois, ina dtugtar áis chuimsitheach do phobal na Gaeilge atá dírithe ar acmhainní nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú. Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí, aistritheoirí agus leis an bpobal trí chéile teacht ar an ábhar go héasca trí chuardach a dhéanamh ar aon cheann de na suíomhanna seo:

  • Dúchas.ie: Digitiú Chnuasach Bhéaloideas Éireann
  • Logainm.ie: Bunachar Logainmneacha na hÉireann
  • Corpas.ie: Corpas Náisiúnta na Gaeilge      ina bhfuil meascán d’ábhar scríofa agus ábhar labhartha. 
  • Canúint.ie: Taisce Chanúintí na Gaeilge    
  • Ainm.ie: AnBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge

Tá na suíomhanna ina n-ábhair spéise, chomh maith, do dhaoine ar fud an domhain a chuireann suim i dteanga na Gaeilge, agus in oidhreacht nó i gcultúr na hÉireann.

Leis an maoiniú seo beidh ar chumas Gaois comhtháthú níos doimhne a fhorbairt idir na suíomhanna, áiseanna cuardaigh níos cumhachtaí a chur ar fáil, agus soláthar eolais struchtúrtha ar bhealach tomhaiste a chinntiú do na samhlacha intleachta saorga. Chomh maith leis sin, déanfar meithleacha Gaois a fhorbairt; an chéad ghlúin eile de theicneoirí agus de thaighdeoirí a fhás; agus pobal úsáide na n-acmhainní a chothú.

Anuas ar an maoiniú atá fógartha do thionscadail Gaois, d’fhógair an tAire deontas €900,000 thar thréimhse trí bliana do thionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bunaíodh eSTÓR chun áis lárnach náisiúnta a chur ar fáil inar féidir sonraí dátheangacha teanga ó chomhlachtaí poiblí – cosúil le cáipéisí dátheangacha Gaeilge/Béarla –­ a thiomsú agus a chomhroinnt.

Leis an tacaíocht airgeadais seo, beidh úsáideoirí an ardáin in ann leanúint ar aghaidh ag cur a n-acmhainní teanga ar fáil agus a chomhroinnt ar an tairseach náisiúnta, eStór. Rachaidh na hacmhainní sin chun tairbhe do Rialtas na hÉireann agus d’iarrachtaí forbartha meaisínaistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, eTranslation.

Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá an-áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne tacaíocht a chur ar fáil do na tionscnaimh nuálach

aseo. Is acmhainní an-tábhachtach iad na suíomhanna atá forbartha ag Gaois, a mbaineann scoláirí, taighdeoirí, múinteoirí agus pobal na Gaeilge trí chéile leas astu. Tá stair faoi leith ag baint leis an nGaeilge agus pobal na teanga, agus tá sé tábhachtach go mbeadh taifeadadh agus cartlannú déanta ar an oiread agus is féidir de sin agus é curtha ar fáil don phobal ar bhealach tarraingteach, nua-aoiseach. Tá acmhainní Gaeilge ar líne ríthábhachtach lena chinntiú go mbainfidh an teanga tairbhe as an bhféidearthacht a chruthaíonn teicneolaíocht dhigiteach ár linne.

“Tá an-áthas orm freisin go bhfuil ar chumas mo Roinne deontas a cheadú do thionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT ar feadh tréimhse 3 bliana eile. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an obair seo, a chinnteoidh áis mheaisínaistriúcháin ar ardchaighdeán don Ghaeilge trí sheirbhís eTranslation an Choimisiún Eorpaigh.

“Tréaslaím a gcuid oibre le foirne Gaois agus Ionad Taighde ADAPT anseo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an guím gach rath ar na taighdeoirí go léir atá i mbun oibre ar na  tionscadail.”

Léirigh Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Dáire Keogh, a bhuíochas as an tacaíocht leanúnach atá faighte ag tionscadail na hOllscoile ón Roinn, ag rá:

“Cuirim fáilte mhór roimh fhógra an mhaoinithe seo, a thacóidh le sraith tograí nua spreagúla ó DCU ina nascfar an nuálaíocht dhigiteach, an Ghaeilge agus cúrsaí oidhreachta. Léiríonn an deontas seo feabhas taighde na hOllscoile sa réimse seo agus tugann sé aitheantas dá bhfuil bainte amach ag grúpa taighde Gaois maidir le hacmhainní nuálacha agus iontaofa a chur ar fáil do na milliúin úsáideoirí ar fud an domhain, mar aon leis an obair ríthábhachtach atá ar bun ag foireann Ionad Taighde ADAPT agus iad ag forbairt na seirbhíse a sholáthraíonn eStór.”

Anuas ar an dá fhógra maoinithe, sheol an tAire Calleary an leagan Gaeilge de AI Literacy in the Classroom ­­– cúrsa ar líne saor in aisce atá forbartha ag Ionad Taighde ADAPT do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

Cuireadh tús leis an leagan Béarla den tionscadal seo i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus áirítear leis ceardlanna réigiúnacha, oiliúint inscoile i scoileanna DEIS, agus traenáil do mhúinteoirí faoi oiliúint. Deis faoi leith atá sa chúrsa seo ­– atá ar fáil as Gaeilge anois – dul i ngleic leis an intleacht shaorga i gcomhthéacs an tseomra ranga.




Media Release

Friday, 21st November 2025

Minister Calleary announces €4.9m in funding for Irish Language digital projects in Dublin City University

●    4-year funding ensured for Dúchas, Logainm, Corpas

, Canúintand Ainm

●    3-year funding ensured for eSTÓR project in ADAPT Research Centre

●    These digital resources will connect digital innovation, the Irish language and heritage

●    Minister also launches Irish-language version of AI Literacy in the Classroom – a free online course for post-primary teachers

Today the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, announced that he has approved a grant of up to €4,013,886, over a period of four years (2026-2029), for Gaois – the research group of Fiontar & Scoil na Gaeilge in Dublin City University (DCU) – to significantly develop its major projects, Dúchas, Logainm, Corpas, Canúint, and Ainm. As well as this investment, the Minister announced €900,000 in funding over a period of three years for ADAPT Research Centre’s eSTÓR project in the University.

The projects developed by Gaois are state-of-the-art research and reference resources which provide a comprehensive facility to the Irish language community focused on the development of innovative resources to sustain the language and learning of Irish. Students, teachers, journalists, translators and the wider public can easily access the content through searching on one the following sites:

  • Dúchas.ie: Digitisation of the Irish Folklore Collection    
  • Logainm.ie: Irish Placenames Database
  • Corpas.ie: National Corpus of the Irish Language, which includes both written and oral material. 
  • Canúint.ie: Repository of Irish Dialects    
  • Ainm.ie: National Database of Irish-language Biographies

The sites will also be of interest to people across the world who are interested in the Irish language, and in the heritage or culture of Ireland.

This funding will enable Gaois to develop greater integration between the sites, to provide more powerful search facilities, and to ensure a structured supply of information in a measured way to AI models. Additionally, it will advance the Gaois working groups; develop the next generation of technicians and researchers; and sustain the resources’ userbase.

As well as the funding announced for Gaois projects, the Minister announced a grant of €900,000 over a three-year period for ADAPT Research Centre’s eSTÓR project in Dublin City University.

eSTÓR was established to provide a central national facility in which bilingual language data from public bodies – such as bilingual Irish/English documents – could be compiled and shared.

With this financial support, users of the platform will be able to continue providing their language resources and sharing them on the national portal, eSTÓR. Those resources will benefit the Government of Ireland and the machine translation platform of the European Commission, eTranslation.

Announcing the funding today, Minister Calleary said:

I am delighted that my Department is able to provide support to this innovative project. The sites developed by Gaois are highly important resources which benefit students, researchers, teachers and the wider Irish-language community. The Irish language and its community have a unique history, and it is important that as much of that history as possible is recorded and archived, and provided to the public in an engaging and modern way. Online Irish-language resources are essential to ensuring that the language benefits from the potential created by the digital technologies of our time.

“I am also delighted that my Department is able to support the ADAPT Research Centre’s eSTÓR project for another 3 years. This highly important work will ensure a high-quality machine translation facility for the Irish language through the European Commission’s eTranslation service.

“I congratulate the Gaois team and ADAPT Research Centre here in Dublin City University for their work, and I wish every success to all the researchers working on these projects.”

The President of Dublin City University, Professor Dáire Keogh, expressed his gratitude for the continuous support received for the University’s projects from the Department, saying:

“I welcome the announcement of this funding, which will support a series of new, exciting initiatives from DCU connecting digital innovation, the Irish language, and heritage. This grant shows the University’s research excellence in this field and recognises the achievements of the Gaois research group in terms of providing innovative and reliable resources to millions of users across the world, as well as the vital work being undertaken by the ADAPT Research Centre as they the develop the service that delivers eSTÓR.”

As well as the two funding announcements, Minister Calleary launched the Irish-language version of AI Literacy in the Classroom – a free online course developed by the ADAPT Research Centre for post-primary teachers.

The English version of this project commenced in October 2024 and includes regional workshops, in-school training in DEIS schools, and training for student teachers. This course – now available in Irish – is a unique opportunity to address artificial intelligence in the context of the classroom.

Newsletter 21/11/2025

After a short hiatus, it’s time for a jam-packed update from Cork County PPN!This week’s E-Bulletin is full of big news, brilliant opportunities, and important chances to make your voice …