Media Release
Thursday, 5 March 2026

Minister Calleary announces 23 new jobs and unveils projects worth €12 million on two-day visit to Kerry
· 23 new technology jobs for Dingle
· Opening of new state-of-the-art gteic Hub in Uíbh Ráthach
· Turning sod on Carnegie Community Building in Cahersiveen
· Launch of Kerry Mountain Rescue vehicle in Killarney
· Project openings in Tralee, Listowel and Moyvane
Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has today (Thursday, 5 March 2026) begun a two-day visit to Kerry where he will open and visit projects that have been approved for over €12 million in funding from his Department and its agencies.
The Minister’s visit will begin with the announcement of 23 new jobs at Net Feasa Limited, a technology company based in Daingean Uí Chúis. The announcement of 23 new full-time positions will double the company’s workforce within three years.
The new roles will include; software developers and engineers, Artificial Intelligence engineers, wireless network operations (NOC) and customer support roles.
A €345,000 employment grant from Údarás na Gaeltachta will support the recruitment.
Speaking about the jobs announcement, the Minister said:
“I am delighted to be here to celebrate this success story. The jobs at Net Feasa are high-quality well-paid roles in an exciting technology company.
“Net Feasa was founded in a rural Gaeltacht town, but it has a global reach with offices in Singapore, Hong Kong, Taiwan and the United States.
“With the wealth of talent available in rural areas and the support of my Department, and agencies like Údarás na Gaeltachta, we are working hard to create more opportunities like this.”
CEO of Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin said:
“Employment, housing and digital infrastructure; these are the three pillars that are vital to keeping our Gaeltacht communities alive and growing. I am very proud of the progress we are making in partnership with the community and the entrepreneurs in the Kerry Gaeltacht. With the Net Feasa Job announcement, the new housing initiative with Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne and the state-of-the-art gteic@UíbhRáthach digital hub, we are working hand in hand for the benefit of this area and the generations yet to come.”
While in Dingle, the Minister will also officially open the renovated St Mary’s Temperance Hall, which has been converted into a community hub with investment from the Community Recognition Fund.
The Minister will also turn sods for a new all-weather community astroturf pitch at the home of All-Ireland Senior Club champions, C.L.G. Daingean Uí Chúis, and a new playground in Dún Chaoin. Both projects are being supported through the LEADER programme out of the department.
Following this, the Minister will visit the site of the new housing project in Baile an Fheirtéaraigh that seeks to address the accommodation shortage for Irish Language summer colleges in the area. Built with a €274,500 grant from Údarás na Gaeltachta, this Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teoranta scheme will have four three-storey, five-bedroom houses, with 12 Irish language learners in each. The houses will be rented to people who host Irish Language learners.
The final engagement on Thursday is the official opening of gteic @ Uíbh Ráthach in Baile an Sceilg (Ballinskelligs). The facility, built with over €2.5million of investment from the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, with match-funding being approved by Údarás na Gaeltachta, includes meeting rooms, an open plan hub and office spaces, all served by fibre broadband, has been operational since October 2024.
Friday’s events
On Friday, the Minister will turn the sod at the site of the Carnegie Community Building, which is being renovated and extended. These works are part of the Cahersiveen Town Centre Regeneration Project, which has received approval for over €8.5 million under the Rural Regeneration and Development Fund.
Speaking about the Cahersiveen Town Centre Regeneration Project the Minister said:
“As Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, I am delighted that the Rural Regeneration and Development Fund has been able to support these projects around the town.
“It is a great privilege to turn the sod on this first phase of the Cahersiveen Town Centre Regeneration project. This will provide substantial community facilities in the centre of the ‘Daniel O‘Connell Quarter’.
“I am certain that when this project is completed it will be enjoyed by many for generations to come.”
Cathaoirleach of Kerry County Council, Cllr Michael Foley said:
“I warmly welcome Minister Dara Calleary to Kerry for a series of important engagements. The Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht has supported many projects and initiatives in Kerry in recent years, and I am pleased that the Minister will have the opportunity to see first-hand the very positive work being done across the county.”
The Minister will then travel to Killarney National Park to unveil a new vehicle for Kerry Mountain Rescue. This state-of-the-art 4×4 rescue vehicle, funded by the department through the Community Recognition Fund, will provide critical services to the community and visitors to the National Park.
Also on Friday, the Minister will officially open the Riverwalk in Castleisland, visit the International Resource Centre, Tralee Boxing Club and open the North Kerry Greenways in Listowel.
His visit to Kerry will conclude with the official opening of Fáilte Isteach Gach Duine, the Moyvane Village Hub, which received €250,000 in funding provided under Town and Village Renewal Scheme.
Preasráiteas
Déardaoin, 5 Márta 2026

23 phost nua fógartha agus tionscadail ar fiú €12 milliún iad nochta ag an Aire Calleary ar cuairt dhá lá go Ciarraí
· 23 phost nua teicneolaíochta do Dhaingean Uí Chúis
· Oscailt Mol gteic nua úrscothach in Uíbh Ráthach
· Iompú fóid ar Fhoirgneamh Pobail Carnegie i gCathair Saidhbhín
· Seoladh feithicil Tharrtháil Sléibhe Chiarraí i gCill Airne
· Tionscadail á n-oscailt i dTrá Lí, Lios Tuathail agus Maigh Mheáin
Tá tús curtha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Déardaoin, 5 Márta 2026) le cuairt dhá lá go Ciarraí, áit ina n-osclóidh sé tionscadail dár ceadaíodh maoiniú de bhreis is €12 milliún óna Roinn agus Gníomhaireachtaí féin, agus ina dtabharfaidh sé cuairt ar roinnt eile.
Cuirfear tús le cuairt an Aire le fógairt faoi 23 phost nua ag Net Feasa Limited, ar comhlacht teicneolaíochta é atá lonnaithe i nDaingean Uí Chúis. Tiocfaidh méadú faoi dhó ar lucht saothair an chomhlachta laistigh de thrí bliana de bharr na 23 phost nua lánaimseartha atá á bhfógairt.
Áireofar ar na róil nua: forbróirí agus innealtóirí bogearraí, innealtóirí Intleachta Saorga, oibrithe líonra gan sreang (NOC) agus róil seirbhísí custaiméirí.
Tacófar leis an earcaíocht le deontas fostaíochta €345,000 ó Údarás na Gaeltachta.
Agus é ag labhairt faoi fhógairt na bpost, dúirt an tAire:
“Is cúis áthais dom a bheidh anseo chun an rath seo a cheiliúradh. Tá na poist in Net Feasa ina róil d’ardchaighdeán le pá maith i gcuideachta teicneolaíochta spreagúil.
“Bunaíodh Net Feasa i mbaile tuaithe Gaeltachta, ach tá tionchar domhanda anois aige, agus oifigí acu i Singeapór, i Hong Cong, sa Téaváin agus sna Stáit Aontaithe.
“Leis an neart tallainne atá ar fáil i gceantair thuaithe, agus le tacaíocht mo Roinne agus gníomhaireachtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, táimid ag obair go dian chun tuilleadh deiseanna mar seo a chruthú.”
Dúirt POF Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:
“Fostaíocht, tithíocht agus bonneagar digiteach: seo na trí philéar atá riachtanach chun ár bpobail Ghaeltachta a choinneáil ar an bhfód agus ag fás. Táim an-bhródúil as an dul chun cinn atá á dhéanamh againn i gcomhar leis an bpobal agus na fiontraithe i nGaeltacht Chiarraí. Le fógairt post Net Feasa, an tionscnamh nua tithíochta le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus mol digiteach úrscothach gteic@UíbhRáthach, táimid ag obair le chéile ar mhaithe leis an gceantar seo agus leis na glúnta atá le teacht.”
Agus é i nDaingean Uí Chúis, osclóidh an tAire Halla Measarthachta Naomh Muire go hoifigiúil, a athchóiríodh agus atá le bheith ina mhol pobail le hinfheistíocht ón Chiste Aitheantais Pobail.
Ina theannta sin, beidh an tAire ag iompú fóid i gcomhair páirc astroturf uile-aimsire nua in áit dúchais bhuaiteoirí Chraobh Clubanna Sinsearacha na hÉireann, C.L.G. Daingean Uí Chúis, agus i gcomhair clós súgartha nua i nDún Chaoin. Tá an roinn ag tacú leis an dá thionscadal trí chlár LEADER.
Ina dhiaidh sin, tabharfaidh an tAire cuairt ar an tionscadal tithíochta nua i mBaile an Fheirtéaraigh lena bhfuiltear ag dul i ngleic leis an ghanntanas lóistín do choláistí samhraidh Gaeilge sa cheantar. Is le deontas €274,500 ó Údarás na Gaeltachta a tógadh an scéim seo de chuid Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teoranta, ina mbeidh tithe trí stór le cúig sheomra leapa, agus 12 fhoghlaimeoir Gaeilge in gach ceann acu. Ligfear na tithe amach ar cíos le daoine a óstálann foghlaimeoirí Gaeilge.
Is é an t-imeacht deireanach Déardaoin ná oscailt oifigiúil gteic @ Uíbh Ráthach i mBaile an Sceilg. Tógadh an áis seo, atá ag feidhmiú ó Dheireadh Fómhair 2024 i leith, le hinfheistíocht €2.5 milliún ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, le cómhaoiniú arna cheadú ag Údarás na Gaeltachta, agus tá seomraí cruinnithe, mol plean-oscailte, agus spásanna oifige ar fáil ann, agus iad uilig le leathanbhanda snáthoptaice.
Imeachtaí Dé hAoine
Ar Dé hAoine, iompóidh an tAire an fód ar shuíomh Fhoirgneamh Pobail Carnegie, atá á athchóiriú agus á shíneadh. Tá na hoibreacha seo mar chuid de Thionscadal Athghiniúna Lár Baile Chathair Saidhbhín, ar ceadaíodh breis is €8.5 milliún ina leith faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.
Agus é ag labhairt faoi Thionscadal Athghiniúna Lár Baile Chathair Saidhbhín, dúirt an tAire:
“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, is cúis áthais dom go bhfuil an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe in ann tacú leis na tionscadail seo timpeall an bhaile.
“Is mór an phribhléid é a bheith in ann an fód a iompú ar an gcéad chéim de Thionscadal Athghiniúna Lár Baile Chathair Saidhbhín. Cuirfidh sé seo áiseanna pobail suntasacha ar fáil i lár ‘Cheathrú Dhónaill Uí Chonaill’.
“Táim cinnte, nuair atá an tionscadal seo críochnaithe, go mbainfear sult as go ceann na mblianta.”
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí, an Comhairleoir Michael Foley:
“Cuirim fáilte ó chroí roimh an Aire Dara Calleary go Ciarraí i gcomhair sraith imeachtaí tábhachtacha. Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta don iliomad tionscadal agus tionscnamh i gCiarraí le blianta beaga anuas, agus táim sásta go mbeidh an deis ag an Aire an obair fhíordhearfach atá á déanamh ar fud an chontae a fheiceáil.”
Rachaidh an tAire go Páirc Náisiúnta Chill Airne ansin chun feithicil nua do Tharrtháil Sléibhe Chiarraí a nochtadh. Beifear in ann seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil don phobal agus do chuairteoirí chun na Páirce Náisiúnta leis an fheithicil tarrthála 4×4 úrscothach seo, arna maoiniú ag an Roinn tríd an Chiste Aitheantais Pobail.
Ar Dé hAoine chomh maith, osclóidh an tAire Siúlóid na hAbhna go hoifigiúil ar Oileán Chiarraí, tabharfaidh sé cuairt ar an Ionad Acmhainní Idirnáisiúnta agus ar Chlub Dornálaíochta Thrá Lí, agus osclóidh sé Glasbhealaí Chiarraí Thuaidh i Lios Tuathail.
Tiocfaidh deireadh lena chuairt ar Chiarraí le hoscailt oifigiúil Fáilte Isteach Gach Duine, Mol Shráidbhaile Mhaigh Mheáin, a fuair maoiniú €250,000 faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte.
