Preasráiteas: Fógraíonn an tAire Calleary tús na chéad chéime eile de mhórfhorbairt i nGaeltacht na Gaillimhe
Media Release
Friday, 6 February 2026

Minister Calleary announces commencement of next phase of major development in Galway Gaeltacht
Minister confirms that the tender process has commenced for the development of an Education and Youth Centre in Indreabhán, Co. Galway
The Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, today announced that the tender process has commenced for the next phase of the multi-million euro development of an Education and Youth Centre in Indreabhán, Co. Galway.
The project is one of three major capital projects being delivered by the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht with funding secured by Minister Calleary under the revised National Development Plan in July 2025.
The project will consist of building a modern, high-quality centre comprising of a multi-purpose hall which can be utilised for both sports and entertainment events, classrooms, a kitchen, offices and parking on an Údarás na Gaeltachta site where Coláiste Lurgan is currently located.
In 2023, the Department of the Gaeltacht approved funding for Údarás na Gaeltachta to undertake the design process and obtain planning permission for this Centre it is now ready to move to the next stage.
The centre will be owned and managed by Údarás na Gaeltachta, and will be an educational, youth, sports and community facility outside the summer period – when it will be used by Coláiste Lurgan to run a summer college.
Speaking today in Indreabhán, Minister Calleary said:
“I am delighted to be here in Indreabhán as we announce the next step in this major infrastructure project that will see tenders being sought to undertake this major work. This is a major step forward which will greatly benefit the area and the surrounding community. It will provide much-needed space for a range of community groups and activities in this Gaeltacht area, and will further strengthen the language planning process by providing spaces where events and activities are promoted for Gaeltacht youth and Irish language learners from across the country.
“This project is one of the Department’s flagship capital projects, together with the new pier at Inis Oírr and the Irish Language and Cultural Centre on Harcourt Street in Dublin, and it is a priority for me that they progress without delay.”
Tomás Ó Síocháin, Údarás na Gaeltachta CEO, said:
“This centre will provide excellent facilities for young people in the Gaeltacht. “Young people play a central role in the future of the Irish language and this investment demonstrates our commitment to their learning, development and social needs. The facility will also be a centre for learning and development at a regional and national level and will greatly enhance Údarás na Gaeltachta’s ability to meet the demands that will arise in the wake of the Irish Language Public Services Action Plan just published by Minister Calleary’s Department.”
Preasráiteas
Dé hAoine, 6 Feabhra 2026

Fógraíonn an tAire Calleary tús na chéad chéime eile de mhórfhorbairt i nGaeltacht na Gaillimhe
Deimhníonn an tAire gur cuireadh tús leis an bpróiseas tairisceana chun Ionad Oideachais agus Óige a fhorbairt in Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Inniu, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, gur cuireadh tús leis an bpróiseas tairisceana don chéad chéim eile den fhorbairt ar fiú na milliún euro é ar Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Tá an tionscadal ar cheann de thrí thionscadal caipitil mhóra atá á seachadadh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le maoiniú a fuair an tAire Calleary faoin bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe i mí Iúil 2025.
Is éard atá sa tionscadal ná ionad nua-aimseartha, ardchaighdeáin a thógáil ina mbeidh halla ilchuspóireach is féidir a úsáid le haghaidh imeachtaí spóirt agus siamsaíochta araon, seomraí ranga, cistin, oifigí agus páirceáil ar shuíomh de chuid Údarás na Gaeltachta ina bhfuil Coláiste Lurgan suite faoi láthair.
Sa bhliain 2023, cheadaigh Roinn na Gaeltachta maoiniú d’Údarás na Gaeltachta chun an próiseas deartha a dhéanamh agus cead pleanála a fháil don Ionad seo agus tá sé réidh anois le bogadh go dtí an chéad chéim eile.
Beidh an t-ionad faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta, agus beidh sé ina áis oideachais, óige, spóirt agus pobail lasmuigh de thréimshe an tsamhraidh – nuair a úsáidfidh Coláiste Lurgan é chun coláiste samhraidh a reáchtáil.
Ag labhairt inniu in Indreabhán, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm a bheith anseo in Indreabhán agus muid ag fógairt an chéad chéim eile sa tionscadal mór bonneagair seo ina mbeidh tairiscintí á lorg chun an obair mhór seo a dhéanamh. Is céim mhór chun tosaigh í seo a rachaidh go mór chun tairbhe don cheantar agus don phobal máguaird. Cuirfidh sé spás atá de dhíth go géar ar fáil do raon grúpaí pobail agus gníomhaíochtaí sa cheantar Gaeltachta seo, agus neartóidh sé an próiseas pleanála teanga tuilleadh trí spásanna a sholáthar ina gcuirtear imeachtaí agus gníomhaíochtaí chun cinn do dhaoine óga na Gaeltachta agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ó gach cearn den tír.”
“Tá an tionscadal seo ar cheann de phríomhthionscadail chaipitil na Roinne, mar aon leis an gcé nua in Inis Oírr agus Ionad na Gaeilge agus an Chultúir ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus is tosaíocht domsa go ndéanfaí dul chun cinn orthu gan mhoill.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
“Cuirfear áiseanna den scoth ar fáil san ionad seo do dhaoine óga na Gaeltachta. Tá ról lárnach ag daoine óga i dtodhchaí na Gaeilge agus léirítear san infheistíocht seo ár dtiomantas dá riachtanais foghlama, forbartha agus shóisialta. Beidh an áis ina hionad foghlama agus forbartha ar leibhéal réigiúnach agus náisiúnta freisin agus cuirfidh sé go mór le cumas Údarás na Gaeltachta freastal ar na héilimh a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh Phlean Gníomhaíochta na Seirbhísí Poiblí don Ghaeilge a d’fhoilsigh Roinn an Aire Calleary.”
