Skip to content

Media Release: Minister Calleary announces €1.7 million for 32 community vehicles under the CLÁR programme

Eisiúint Meáin: Fógraíonn an tAire Calleary €1.7 milliún do 32 fheithicil phobail faoi CLÁR

Media release

Friday, 12th September 2025

Minister Calleary announces €1.7 million
for 32 community vehicles under the CLÁR programme

During a visit to St. Dymphna’s Special Education School in Ballina, Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has today (Friday, 12th September) announced €1.7 million to deliver 32 vehicles under the 2025 CLÁR programme.

The vehicles will provide much needed support for people with reduced mobility accessing day care, medical and other services, and for people that require transport services to access cancer treatment. This funding is also supporting the purchase of vital vehicles by community first responders, search and rescue organisations and meals on wheels groups.

Among the projects being funded include:

  • County Donegal – Donegal Mountain Rescue Team: Purchase of a 4×4 mountain rescue emergency response vehicle. €83,701
  • County Kerry – Killarney Community Services: To purchase a 16-seater bus with wheelchair lift. €93,236
  • County Longford – Longford Scuba Divers:  Purchase of a purpose-built van to support search and recovery operations. €80,000
  • County Mayo – St. Dymphna’s Special School: To procure a hybrid vehicle to support inclusive school transport for pupils with special needs. €80,959 
  • County Offaly – Order of Malta Ambulance Corps Birr-Roscrea: Provision of a voluntary community-based ambulance vehicle. €75,938
  • County Tipperary – North Tipperary Development Company: Meals on wheels vehicle – €27,931
  • County Westmeath – Irish Wheelchair Association: Purchase of a wheelchair accessible vehicle.€44,123

Speaking today, Minister Calleary said:


“The CLÁR programme is providing funding to support vital services in some of our most rural areas, particularly for those with acute medical and accessibility challenges. These services give greater independence to individuals and their families, and empowers them to live fulfilled lives within their communities.

“We all know the immense value of these organisations in our communities. The volunteers in our community, first responders and search and rescue organisations are those who we turn to in some of the most challenging of circumstances. I’m delighted to be able to assist them in the critical services they provide. I’m also pleased to be able to support meals on wheels services that are vital to assist the elderly and vulnerable in their own homes.

“I know this investment of €1.7 million will make a real difference to people’s lives.”

Details of the 32 projects announced today are available here.  The funding announced today is in respect of Measure 2 (Mobility, Cancer Care, Meals on Wheels and Community First Responders Transport). Further announcements in respect of Measures 1 and 3 of the 2025 CLÁR programme will be made later this year.




Eisiúint Meáin

Dé hAoine, an 12 Meán Fómhair 2025

Fógraíonn an tAire Calleary €1.7 milliún
do 32 fheithicil phobail faoi CLÁR

  • Feithiclí do chéad fhreagróirí pobail, grúpaí cuardaigh agus tarrthála, agus seirbhísí béilí ar rothaí.
  • Tacaíocht chun cabhrú le daoine a bhfuil deacrachtaí siúil acu agus iad siúd a fhaigheann seirbhísí cúram ailse

Inniu, Dé hAoine, (an 12 Meán Fómhair), le linn cuairte ar scoil oideachais speisialta Damhnait i mBéal an Átha, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, €1.7 milliún chun 32 fheithicil a sheachadadh faoi CLÁR 2025.

Cuirfidh na feithiclí tacaíocht atá géarghá leis ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí siúil acu atá ag rochtain cúram lae, seirbhísí leighis agus seirbhísí eile, agus do dhaoine a bhfuil seirbhísí iompair ag teastáil uathu chun rochtain a fháil ar leigheas ailse. Tá an maoiniú seo ag tacú freisin le ceannach feithiclí ríthábhachtacha ag chéad fhreagróirí pobail, eagraíochtaí cuardaigh agus tarrthála agus grúpaí béilí ar rothaí.

I measc na dtionscadal atá á maoiniú tá:

  • Contae Dhún na nGall – Foireann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall: Ceannach feithicil freagróir éigeandála tarrthála sléibhe 4×4. €83,701
  • Contae Chiarraí – Seirbhísí Pobail Chill Airne: Ceannach bus 16-suíochán le hardaitheoir chathaoir rothaí. €93,236
  • Contae an Longfoirt – Tumadóirí Scúba an Longfoirt:  Ceannach veain a tógadh go sonrach chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. €80,000
  • Contae Mhaigh Eo – Scoil Speisialta Damhnait: Feithicil hibrideach a fháil chun tacú le hiompar scoile cuimsitheach do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. €80,959 
  • Contae Uíbh Fhailí – Otharcharr Ord Mhálta Bhiorra – Ros Cré: Soláthar feithicil otharcharr deonach pobal-bhunaithe.  €75,938
  • Contae Thiobraid Árann – Comhlacht Forbartha Thiobraid Árann: Feithicil béilí ar rothaí – €27,931
  • Contae na hIar-Mhí – Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann: Ceannach feithicil oiriúnach do chathaoir rothaí.€44,123

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:


“Tá maoiniú á chur ar fáil ag CLÁR chun tacú le seirbhísí ríthábhachtacha i gcuid dár gceantair is tuaithe, go háirithe dóibh siúd a bhfuil dúshláin ghéara leighis agus inrochtaineachta acu. Tugann na seirbhísí seo níos mó neamhspleáchais do dhaoine aonair agus dá dteaghlaigh, agus tugann siad cumhacht dóibh saol iomlán a chaitheamh laistigh dá bpobail.

“Tuigimid go léir an luach ollmhór atá ag na heagraíochtaí seo inár bpobail. Is iad na hoibrithe deonacha inár bpobal, na chéad fhreagróirí agus na heagraíochtaí cuardaigh agus tarrthála na daoine a dtéann muid chucu i gcuid de na cúinsí is dúshlánaí. Tá áthas orm a bheith in ann cabhrú leo leis na seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthraíonn siad. Tá áthas orm freisin a bheith in ann tacú le seirbhísí béilí ar rothaí atá ríthábhachtach chun cabhrú le daoine níos sine agus leochaileacha ina dtithe féin.

“Tá a fhios agam go ndéanfaidh an infheistíocht €1.7 milliún seo difríocht mhór i saol daoine.”

Tá sonraí na 32 tionscadal a fógraíodh inniu ar fáil anseo. Tá an maoiniú a fógraíodh inniu i leith Beart 2 (Soghluaisteacht, Cúram Ailse, Béilí ar Rothaí agus Iompar do Chéad Fhreagróirí Pobail). Déanfar tuilleadh fógraí maidir le Bearta 1 agus 3 den Scéim níos déanaí i mbliana.

Newsletter 24/10/2025

🍂 Plenty to delve into this week!This week’s newsletter is packed with updates from across Cork County — including details of our upcoming Winter Plenary, highlights from the Local Authority Waters Programme, and …