Preasráiteas: Fógraíonn an tAire Calleary €12.3 mhilliún do 206 thionscadal faoi CLÁR 2025
Media release
Friday, 28 November 2025

Minister Calleary announces €12.3 million for 206 projects under the under the 2025 CLÁR programme
- Investment in sports clubs and community facilities nationwide
- Funding for playgrounds, astro-turf pitches, walking tracks, spectator stands and upgrades of community centres
- Specific funding for Gaeltacht areas and our islands
During a visit to Kiltimagh Knock Utd. soccer club in County Mayo, Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has today (Friday, 28 November 2025) announced €12.3 million to deliver 206 community projects under the 2025 CLÁR programme. Kiltimagh Knock United are receiving just over €50,000 for a new 2-bay spectator stand.
Among the other projects being funded include:
- County Clare – Bridgetown: Funding of €100,000 for the construction of a new astro turf pitch at Bridge Celtic AFC & Bridgetown national school.
- County Cork – Newmarket: Funding of €100,000 to Newmarket Sports & Leisure to resurface the trail in Island Wood.
- County Galway – Inis Meáin: Funding of €49,808 to Comhlact Forbartha Inis Meáin for the development of a playground at Inis Meáin community centre.
- County Mayo – Clare Island: Funding of €22,958 for the provision of a generator at Clare Island Community Centre.
- County Leitrim – Drumshanbo: Funding of €99,671 for enhancement works at Sliabh an Iarainn visitor’s centre.
- County Monaghan – Clones: Funding of €100,000 for a community gym and spectator standat Currin GFC.
- County Sligo – Ballintogher: Funding of €100,000 for refurbishment of the community playground.
- County Wicklow – Tinahely: Funding of €100,000 for the development of a new community gym in Ballymanus.
Speaking today, Minister Calleary said:
“The CLÁR programme continues to provide vital support in some of our most remote rural areas. These projects help build strong resilient and vibrant communities through the enhancement of existing community facilities and the provision of new amenities to support young and old across a range of services.
“Today’s announcement of over €12 million will see 206 projects being delivered in communities across the country and on our offshore Islands. I was particularly pleased to include a specific provision for projects in Gaeltacht areas this year. These projects will no doubt make a valuable contribution to the people who live in and visit these communities.
“With today’s announcement, I have now allocated €14 million to projects under CLAR this year – the highest allocation since the scheme was reintroduced in 2016. The funding continues to grow as we see the huge impact this funding has in our rural areas.”
Details of the 206 projects announced today are available here. The funding announced today is in respect of Measure 1: Developing Community Facilities and Amenities & Measure 3: Our Living Islands. Funding under Measure 2 was announced earlier in the year.
Preasráiteas
Dé hAoine, an 28 Samhain 2025

Fógraíonn an tAire Calleary €12.3 mhilliún do 206 thionscadal faoi CLÁR 2025
- Infheistíocht i gclubanna spóirt agus in áiseanna pobail ar fud na tíre
- Maoiniú do chlóis súgartha, páirceanna astroturf, rianta siúil, seastáin lucht féachana agus uasghráduithe ar ionaid phobail
- Maoiniú sonrach do cheantair na Gaeltachta agus na hoileáin
Inniu, (Dé hAoine, an 28 Samhain 2025), d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD €12.3 mhilliún le linn cuairte ar chlub sacair Kiltimagh Knock United i gContae Mhaigh Eo chun 206 thionscadal pobail a sheachadadh faoi CLÁR 2025. Gheobhaidh Kiltimagh Knock United beagán níos mó ná €50,000 le haghaidh seastán lucht féachana nua 2 bhá.
I measc na dtionscadal eile atá á maoiniú tá:
- Contae an Chláir – Baile an Droichid: Maoiniú €100,000 le haghaidh tógáil páirc nua astroturf i gclub peile an Droichid agus scoil náisiúnta Bhaile an Droichid.
- Contae Chorcaí – Áth Trasna: Maoiniú €100,000 do Spórt & Fóillíocht Áth Trasna chun an cosán i gCoill an Oileáin a athdhromchlú.
- Contae na Gaillimhe – Inis Meáin: Maoiniú €49,808 do Chomhlacht Forbartha Inis Meáin chun clós súgartha a fhorbairt ag ionad pobail Inis Meáin.
- Contae Mhaigh Eo – Cliara: Maoiniú €22,958 chun gineadóir a sholáthar d’Ionad Pobail Chliara.
- Contae Liatroma – Droim Seanbhó – Maoiniú €99,671 le haghaidh oibreacha feabhsúcháin ar ionad cuairteoirí Shliabh an Iarainn.
- Contae Mhuineacháin – Cluain Eois: Maoiniú €100,000 do ghiomnáisiam pobail agus seastán lucht féachana ag club peile Choirrín.
- Contae Shligigh – Baile an Tóchair: Maoiniú €100,000 le haghaidh athchóiriú an chlóis súgartha pobail.
- Contae Chill Mhantáin – Tigh na hÉille: Maoiniú €100,000 chun giomnáisiam pobail nua a fhorbairt i mBaile Mhánais.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Soláthraítear tacaíocht ríthábhachtach i gcuid dár gceantair thuaithe is iargúlta faoi CLÁR. Cabhraíonn na tionscadail seo le pobail láidre acmhainneacha agus bríomhara a thógáil trí fheabhsú a dhéanamh ar áiseanna pobail atá ann cheana féin agus trí áiseanna nua a sholáthar chun tacú le hidir óg agus aosta ar fud raon seirbhísí.
“Le fógra an lae inniu de níos mó ná €12 mhilliún, cuirfear 206 thionscadal i gcrích i bpobail ar fud na tíre agus ar na hoileáin amach ón gcósta. Bhí áthas ar leith orm foráil shonrach a chur san áireamh i mbliana do thionscadail i gceantair na Gaeltachta. Gan amhras, cuirfidh na tionscadail seo go mór leis na pobail seo agus na daoine a thugann cuairt orthu.
“Le fógra an lae inniu, leithdháil mé €14 mhilliún ar an iomlán i mbliana ar thionscadail faoi CLÁR – an leithdháileadh is airde ó athbhunaíodh an scéim in 2016. Leanann an maoiniú ag fás de réir mar a fheicimid an tionchar ollmhór atá ag an maoiniú seo ar cheantair na tuaithe.”
Tá sonraí na 206 thionscadal a fógraíodh inniu ar fáil anseo. Tá an maoiniú a fógraíodh inniu i leith Beart 1: Forbairt Áiseanna agus Saoráidí Pobail & Beart 3: Ár nOileáin Bheo. Fógraíodh maoiniú faoi Bheart 2 ní ba luaithe sa bhliain.
