Skip to content

Media Release: Minister Calleary welcomes approval of 2026 funding for Foras na Gaeilge and the Ulster-Scots Agency

Preasráiteas: Fáiltíonn an tAire Calleary roimh cheadú mhaoinithe 2026 d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise

Media Release

3 December 2025

Minister Calleary welcomes approval of 2026 funding for Foras na Gaeilge and the Ulster-Scots Agency

  • North South Ministerial Council meeting at Monaghan Peace Campus today
  • €20 million joint funding approved for Foras na Gaeilge and Ulster-Scots Agency
  • Over €2 million additional funding for Foras na Gaeilge programmes and activities
  • €200,000 additional funding for Ulster-Scots activities in the border counties
  • Budget for Clár na Leabhar Gaeilge increases to €2m in 2026

The Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, today attended the 30th Sectoral meeting of the North South Ministerial Council (NSMC) Language Body. The meeting, held at Monaghan Peace Campus, was chaired by Gordon Lyons MLA, Minister for Communities, and attended by Aisling Reilly MLA, Junior Minister at the Executive Office, along with representatives of the two NSMC Language Body agencies, Foras na Gaeilge and the Ulster Scots Agency. 

The meeting of the NSMC Language Body approved the 2026-2028 Corporate Plans, which set out the strategic objectives of both agencies for the following three year period.

The meeting also approved the 2026 Business Plans and Budgets, which enables an agreed funding allocation of €20 million for 2026 to be provided for Foras na Gaeilge and the Ulster-Scots Agency.

In addition, ring-fenced funding will be made available by the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht to Foras na Gaeilge and the Ulster Language Agency to run specific programmes and activities in 2026. This includes the additional €2 million secured in Budget 2026.

Funding for Clár na Leabhar Gaeilge will be increased to €2 million in 2026, the highest level ever, while over €2 million will be made available for Foras na Gaeilge’s other programmes and activities. €200,000 will be made available to the Ulster Agency for projects related to specific activities in Donegal, Monaghan and Cavan, and further south in due course.

Speaking after the meeting, Minister Calleary said:

“I am pleased that the 2026 business plans and budgets have now been approved for Foras na Gaeilge and the Ulster-Scots Agency, enabling them to implement their targets over the coming year. This will provide certainty to both agencies, and to the organisations and community groups across the island who benefit from the support and funding schemes they provide.”

It is expected that the next meeting of the NSMC Language Body will be held in Spring 2026.




Preasráiteas

3 Nollaig 2025

Fáiltíonn an tAire Calleary roimh cheadú mhaoinithe 2026 d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise

·  Cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ag Campas Síochána Mhuineacháin inniu

·  €20 milliún de mhaoiniú comhaontaithe ceadaithe d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise

· Os cionn €2 milliún breise ar fáil do chláir agus do ghníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge

· €200,000 breise ar fáil do ghníomhaíochtaí Ultaise sna contaetha cois teorann

· Buiséad Chlár na Leabhar Gaeilge méadaithe go €2 milliún don chéad uair

D’fhreastail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu ar an 30ú cruinniú d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). Bhí an tAire Pobail, Gordon Lyons CTR, ina chathaoirleach agus bhí an tAire Sóisearach ag Oifig an Fheidhmiúcháin, Aisling Reilly CTR i láthair ag an gcruinniú ag Campas Síochána Mhuineacháin, mar aon le hionadaithe ón dá ghníomhaireacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh Theas, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Cheadaigh an cruinniú CATT na Pleananna Corparáideacha do 2026-2028, a leagan amach cuspóirí straitéiseacha an dá ghníomhaireacht don tréimhse trí bliana atá amach romhainn.

Cheadaigh an cruinniú na Pleananna Gnó agus Buiséid 2026 freisin, rud a cheadaíonn an maoiniú comhaontaithe de €20 milliún do 2026 a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise.

Anuas air seo, beidh maoiniú imfhálaithe á chur ar fáil ag Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise le cláir agus gníomhaíochtaí ar leith a reáchtáil i 2026. Cuimsíonn sé seo an maoiniú breise de €2 milliún a deimhníodh mar chuid de Bhuiséad 2026.

Ardófar maoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge go €2 milliún i 2026, an leibhéal is airde riamh, agus cuirfear maoiniú os cionn €2 milliún ar fáil do chláir agus do ghníomhaíochtaí eile Fhoras na Gaeilge. Cuirfear €200,000 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise do thograí bainteach le gníomhaíochtaí ar leith i gcontaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin agus an Chabháin, agus níos faide ó dheas de réir a chéile.

Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Calleary:

Tá áthas orm go bhfuil na pleananna gnó agus buiséid 2026 ceadaithe anois d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise, rud a chuirfidh ar a gcumas feidhm a thabhairt dá gcuid spriocanna le linn na bliana amach romhainn. Tabharfaidh sé seo ar fad cinnteacht don dá áisíneacht, agus do na heagraíochta agus grúpaí pobail ar fud an oileáin a bhaineann tairbhe as na scéimeanna tacaíochta agus maoinithe a chuireann siad ar fáil dóibh.”

Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú eile den Fhoras Teanga Thuaidh Theas ar siúl in earrach 2026.

Newsletter 09/01/2026

🌟 Happy New Year everyone and welcome to the first PPN E-Bulletin of 2026!We’re kicking off the new year with a practical and opportunity-filled edition to help our amazing groups get …

Local Enhancement Programme 2026

The Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht Local Enhancement Programme (LEP) 2026 will provide capital funding to support community groups across Ireland. This funding will provide capital …