Skip to content

Media Release: Minister Dara Calleary approves additional €235,000 for Language Planning Sector

Media Release

Monday, 2 March 2026

Minister Dara Calleary approves additional €235,000 for Language Planning Sector
Capital fund to support the Language Planning sector within and outside the Gaeltacht

The Minister for Rural, Community and Gaeltacht Development, Dara Calleary TD, announced today (Monday, 2 March 2026) that he has approved a capital fund of €235,000 over a five-year period for the language planning sector nationally while attending the Language Planning Conference in Castlebar.

This package includes €155,000 for Údarás na Gaeltachta and €80,000 for Foras na Gaeilge to provide essential work equipment for the Language Planning Officers operating in the various regions.

Within the Gaeltacht, 26 Language Planning Areas (LPAs) and 3 Gaeltacht Service Towns under the auspices of Údarás na Gaeltachta will benefit from this fund and, outside the Gaeltacht, the funding will be available to 13 Gaeltacht Service Towns and 3 Irish Language Networks under the auspices of Foras na Gaeilge.

This funding supports the implementation of the recommendation made in the independent Review of the Language Planning Process regarding the availability of adequate resources for each LPA to purchase essential work equipment. It is recognised that this fund will be a major support to the Language Planning Officers in carrying out their work.

Announcing the funding today, Minister Calleary said:

“I am delighted to approve this grant. As a result of this practical assistance, Údarás na Gaeltachta and Foras na Gaeilge will be able to ensure that the appropriate office equipment is available to the Language Planning Officers working in the Gaeltacht Language Planning Areas, Gaeltacht Service Towns and Irish Language Networks.

“This is another demonstration of the Government’s commitment to the language planning process and is a good example of the various actions we are taking to foster and develop a language ecosystem. The lead organisations and the Language Planning Officers are doing a very important job and I am pleased that we are able to provide them with this support.”




Eisiúint Meáin: €235,000 breise ceadaithe ag an Aire Dara Calleary d’Earnáil na Pleanála Teanga

Eisiúint Meáin

Dé Luain, 2 Márta 2026

€235,000 breise ceadaithe ag an Aire Dara Calleary d’Earnáil na Pleanála Teanga

Ciste caipitil chun earnáil na Pleanála Teanga a thacú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht

D’fhógair an tAire Forbartha Tuwaitha agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. inniu (Dé Luain 2 Márta 2026) go bhfuil ciste caipitil de €235,000 ceadaithe aige d’earnáil na pleanála teanga go náisiúnta thar tréimhse cúig bliana agus é ag freastal ar an Mhórthionól Pleanála Teanga i gCaisleán an Bharraigh.

San áireamh sa phacáiste seo, tá €155,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus €80,000 d’Fhoras na Gaeilge chun trealamh riachtanach oibre a sholáthar do na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag feidhmiú sna réigiúin éagsúla.

Laistigh den Ghaeltacht, bainfidh 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi scáth Údarás na Gaeltachta leas as an gciste seo agus, lasmuigh den Ghaeltacht, beidh an maoiniú ar fáil do 13 Baile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge a thagann faoi scáth Fhoras na Gaeilge.

Tacaíonn an maoiniú seo le cur i bhfeidhm an mholadh a déanadh san Athbhreithniú neamhspleách ar an bPróiseas Pleanála Teanga maidir le hacmhainní leordhóthanach a bheith ar fáil do gach LPT chun trealamh riachtanach oibre a cheannach.  Aithnítear go mbeidh an ciste seo mar thacaíocht mhór do na hOifigigh Pleanála Teanga agus iad i mbun a gcuid oibre.

Agus é ag fógairt an chiste inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Cuireann sé an-áthas orm an deontas seo a cheadú.  De thoradh an chúnaimh phraiticiúil seo, beidh an tÚdarás agus an Foras in ann a chinntiú go bhfuil an fearas cuí oifige ar fáil do na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag obair sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.

“Is léiriú eile é seo ar thiomantas an Rialtais don phróiseas pleanála teanga agus is sampla maith é de na gnímh éagsúla atá ar bun againn chun éiceachóras teanga a chothú agus a fhorbairt. Is obair fíor-thábhachtach atá idir lámha ag na ceanneagraíochtaí agus ag na hOifigigh Pleanála Teanga agus tá mé sásta go bhfuil arm o chumas an tacaíocht seo a chur ar fáil dóibh”.

Newsletter 06/03/2026

A growing network and plenty of opportunities to get involved!This week’s E-Bulletin celebrates the continued growth of Cork County PPN with a warm welcome to several new member groups, showing the …