Skip to content

Media Release: Minister Jerry Buttimer announces €944,585 for Pilot Place- Based Philanthropy Projects

Eisiúint Meáin: €944,584 i gcomhair Tionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe fógartha ag an Aire Jerry Buttimer

Media Release

Wednesday, 6th August 2025

National Philanthropy Policy: Minister Jerry Buttimer announces
€944,585 for Pilot Place- Based Philanthropy Projects

  • A key objective of the National Philanthropy Policy 2024-2028
  • Place-based giving a way for philanthropists to give back to their communities
  • Projects bring community organisations, Government and philanthropic funders together to address key social issues
  • Projects supported by philanthropic donations of €944,585, bringing total funding to almost €1.9m

Minister of State with responsibility for Community Development and Charities, Jerry Buttimer, has today (Wednesday, 6th August 2025) announced the successful projects following a call for Pilot Place-Based Philanthropy projects.

Nine projects across the country will receive multi-annual funding totalling €944,585 from the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht. The pilot projects will be supported by philanthropic donations of nearly €1 million, resulting in a total investment of almost €1.9 million in community led projects.

The projects will address local needs and challenges through strong community involvement and collaboration between Government and philanthropic partners.

A key action of the National Philanthropy Policy 2024-2028 is to promote cross sectoral partnership and unlock philanthropic potential to address key social issues. 

Announcing the allocation, Minister Buttimer said:

“I am delighted to announce funding of almost €1 million for nine successful projects under the call for pilot place-based philanthropy projects that I launched in May this year.

“This funding represents the Government’s commitment to the National Philanthropy Policy which is aimed at growing philanthropy in Ireland and maximising its impact for the public good.

“Place-based giving is a major driver for philanthropists to give back to their local community.

“And the funding from my Department for these projects will be matched by philanthropic donations of almost €1 million to deliver total funding of €1.9 million for community-led projects.

“I look forward to seeing the impact these projects will deliver for their communities.”

Welcoming the announcement, Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Dara Calleary said:

“The aim of this call was to support projects that:

·         Promote understanding and collaboration between philanthropy and government (both national and local government)

·         Address local needs or challenges

·         Test innovation, co-funding approaches to addressing key social issues.


“I am confident that the successful projects announced today will bring together resources in a collaborative way to benefit their communities and demonstrate how partnerships between communities, philanthropists and local government can be an effective tool in addressing local challenges.”

Examples of successful projects announced today include:

JumpAGrade, Co Cork. €90,000 to establish an innovative academic and guidance support system for senior cycle students in disadvantaged areas of Cork City and County.

Citywise Fast Track Academy, Co Dublin. €90,000 to support young people in a disadvantaged area to reach and access third level education.

The Common Knowledge Centre, Co Clare. €100,000 to deliver a place-based programme focused on sustainability, community empowerment and environmental restoration.

Legal Change-Makers Programme, Co Limerick. €53,584 to empower disadvantaged communities in Limerick by providing free legal advice clinics.

In conclusion, Minister Buttimer added:

“Government and Sectoral Partnership is a key objective under the National Philanthropy Policy.  Recognising that philanthropy has the potential to complement and add further value to government investments, I want to acknowledge and thank the philanthropic donors for their contributions and investment in our communities.”

A full list of the successful projects is here .




Eisiúint Meáin

Dé Céadaoin, 6 Lúnasa 2025

Polasaí Náisiúnta Daonchairdis:

€944,584 i gcomhair Tionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe

fógartha ag an Aire Jerry Buttimer

  • Cuspóir tábhachtach den Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028
  • Tionscadail áitbhunaithe atá i gceist, a ligeann do dhaonchairde an comhar a íoc lena bpobail féin
  • Tugann na tionscadail eagraíochtaí pobail, an Rialtas agus maoinitheoirí daonchairdiúla le chéile chun dul i ngleic le géarfhadhbanna sóisialta
  • Tacófar leis na tionscadail le €944,584 i síntiúis dhaonchairdiúla, a fhágann gurb ionann an maoiniú iomlán agus beagnach €1.9m

D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Phobail agus Carthanais, Jerry Buttimer, inniu (Dé Céadaoin, 6 Lúnasa 2025) na tionscadail a d’éirigh leo i ndiaidh gairm ar thionscadail phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe.

Tabharfaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú ilbhliantúil, de luach €944,584 ar an iomlán, do naoi dtionscadal ar fud na tíre. Tacófar leis na tionscadail phíolótacha le síntiúis dhaonchairdiúla de bheagnach €1 milliún, a fhágann go ndéanfar infheistiú iomlán de bheagnach €1.9 milliún i dtionscadail a bheidh faoi stiúir pobal.

Rachaidh na tionscadail i ngleic le riachtanais agus dúshláin áitiúla trí rannpháirtíocht láidir ón phobal agus comhar idir an Rialtas agus comhpháirtithe daonchairdiúla.

Gníomh tábhachtach amháin sa Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028 ná go gcuirfear comhpháirtíocht trasearnála chun cinn agus go mbainfear leas as acmhainn daonchairdis chun dul i ngleic le ceisteanna tábhachtacha sóisialta. 

Agus an leithdháileadh á fhógairt aige, dúirt an tAire Buttimer:

“Is cúis áthais dom maoiniú de bheagnach €1 milliún a fhógairt do na naoi dtionscadal a d’éirigh leo faoin ghairm ar thionscadail phíolótacha daonchairdis áitbhunaithe a sheol mise i mí na Bealtaine i mbliana.

“Léirítear leis an maoiniú seo tiomantas an Rialtais don Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis atá dírithe ar bhorradh a chur faoin daonchairdeas in Éirinn agus ar thionchar s’aige a mhéadú ar mhaithe leis an bpobal.

“Is spreagadh mór é an bronnadh áitbhunaithe do dhaonchairde chun a gcomhar a íoc lena bpobail áitiúla.

“Agus in éineacht leis an maoiniú ó mo Roinn do na tionscadail seo, gheofar cómhaoiniú de bheagnach €1 milliún ó shíntiúis dhaonchairdiúla, a fhágann go dtabharfar €1.9 milliún ar an iomlán do thionscadail faoi stiúir an phobail.

“Tá mé ag súil go mór leis an tionchar a imreoidh na tionscadail seo ar a bpobail.”

Agus é ag fáiltiú roimh an fhógra, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:

“Is í aidhm na gairme seo ná tacú le tionscadail a dhéanann an méid seo thíos:

·         Comhthuiscint agus comhar a chur chun cinn idir lucht an daonchairdis agus an rialtas (rialtas náisiúnta agus áitiúil araon)

·         Dul i ngleic le riachtanais nó dúshláin áitiúla

·         Triail a bhaint as bealaí nuálacha cómhaoinithe chun dul i ngleic le géarcheisteanna sóisialta.

“Leis na tionscadail rathúla a fógraíodh inniu, táim cinnte go dtabharfar acmhainní le chéile ar bhealach comhoibríoch chun sochair a bpobal agus go léireofar gur féidir le comhpháirtíochtaí idir phobail, daonchairde agus rialtas áitiúil a bheith ina n-uirlisí maithe chun dul i ngleic le dúshláin áitiúla.”

Áirítear iad seo a leanas ar na tionscadail rathúla a fógraíodh inniu:

JumpAGrade, Co Chorcaí. €90,000 chun córas tacaíochta nuálach acadúil agus treorach a chur ar bun do mhic léinn ardteiste i gceantair faoi mhíbhuntáiste i gCathair Chorcaí agus Contae Chorcaí.

Citywise Fast Track Academy, Co Bhaile Átha Cliath. €90,000 chun tacú le daoine óga i gceantar faoi mhíbhuntáiste chun rochtain a fháil ar an oideachas tríú-leibhéal.

The Common Knowledge Centre, Co an Chláir. €100,000 chun clár áitbhunaithe a chur ar fáil ina ndírítear ar inbhuanaitheacht, cumasú pobal agus athchóiriú an chomhshaoil.

Clár Legal Change-Makers, Co Luimnigh. €53,584 chun pobail faoi mhíbhuntáiste i Luimneach a chumasú trí chlinicí comhairle dlíthiúla saor in aisce a chur ar fáil.

Ar deireadh, dúirt an tAire Buttimer:

“Is príomhchuspóir faoin Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis é comhpháirtíocht idir an Rialtas agus an Earnáil.  Agus muid ag glacadh gur féidir leis an daonchairdeas teacht go maith le hinfheistíochtaí rialtais agus luach s’acu a mhéadú, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil le deontóirí daonchairdiúla as a síntiúis agus a n-infheistíocht inár bpobail.”

Tá liosta iomlán de na tionscadail rathúla ar fáil anseo .

Newsletter 24/10/2025

🍂 Plenty to delve into this week!This week’s newsletter is packed with updates from across Cork County — including details of our upcoming Winter Plenary, highlights from the Local Authority Waters Programme, and …