Skip to content

Media Release: Minister Jerry Buttimer launches new national campaign to highlight the role of Local Community Development Committees (LCDCs)

Preasráiteas: Feachtas náisiúnta chun béim a leagan ar ról na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) seolta ag an Aire Jerry Buttimer

Press Release

Friday, 1 May 2026

Minister Jerry Buttimer launches new national campaign to highlight the role of Local Community Development Committees (LCDCs)

  • LCDCs connect community groups with public bodies
  • Clubs and Voluntary Groups encouraged to engage with their LCDCs

Minister of State with responsibility for Community Development and Charities, Jerry Buttimer TD, has today (Friday, 1 May 2026) launched a new national awareness campaign to highlight how Local Community Development Committees (LCDCs) connect public bodies and communities across Ireland.

Local Community Development Committees are established in each local authority area to help implement community development initiatives and support community programmes such as the Social Inclusion and Community Activation Programme (SICAP), Healthy Cities, the Empowering Communities Programme and the Local Enhancement Programme.

Speaking at an event in Cork City to launch the campaign, Minister Buttimer said:

“It gives me great pleasure, as Minister of State with responsibility for Community Development and Charities, to be able to support and highlight LCDCs across Ireland and to raise awareness of the vital role LCDCs play in supporting communities, coordinating services, and improving quality of life across the country.

“Local Community Development Committees bring public bodies and community organisations around the same table so that services are better planned, better coordinated, and more responsive to local needs. Through this campaign, we want every community group and local resident to know that there is a structure in place – the LCDC – that is there to help them work with public bodies, access supports and shape the future of their area”.

LCDCs contribute to the development of local communities, through economic and community actions contained in each Local Economic and Community Plan.

Local Economic and Community Plans set out, for a six-year period, the objectives and actions needed to promote and support the economic, and community, development of the relevant local authority area.

This new campaign to highlight the role of LCDCs encourages anyone who is involved in a club, a voluntary group, or who simply wants better community services in their area to learn more about how their local LCDC can help.

Coilín O’Reilly, Chair of the County and City Management Association’s Rural, Community, Culture and Heritage Committee and Chief Executive of Carlow County Council said:

“Local Community Development Committees (LCDCs) are a key part of local government and play an important role in supporting the social, cultural, and economic development of communities. By bringing together local authorities, public bodies and community interests, LCDCs promote a joined-up approach to planning and delivering programmes at local level, helping to strengthen local democracy. The CCMA welcomes this campaign as an important step in raising awareness of LCDCs as a vital community service and of the role they play in supporting communities across the country.”

Rebecca Loughry, Director of Services, Corporate, Community & Cultural Affairs, Cork City Council added:

“On behalf of Cork City LCDC, I would like to welcome the launch of this important campaign. This is a great opportunity to highlight the important work done by LCDC’s around the country. As chief officer of the Cork City LCDC I am particularly delighted that Minister Buttimer has chosen Cork City as the location to launch the LCDC national and local communication communications campaign of awareness.”

The campaign entitled – “Our LCDCs – Building better communities together – le chéile” – will run from 1 May 2026 for three weeks across radio, podcasts, print and online media.

Visit gov.ie/lcdc to find out more.




Preasráiteas

Dé hAoine, 1 Bealtaine 2026

Feachtas náisiúnta chun béim a leagan ar ról na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) seolta ag an Aire Jerry Buttimer

  • Ceanglaíonn CFPÁnna grúpaí pobail le comhlachtaí poiblí
  • Spreagtar Clubanna agus Grúpaí Deonacha le dul i gcomhar lena CFPÁnna

Inniu (Dé hAoine, 1 Bealtaine 2026) sheol an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, feachtas feasachta náisiúnta nua chun béim a leagan ar conas a dhéanann Coistí Forbartha Pobail Áitiúla comhlachtaí poiblí a cheangal le pobail ar fud Éireann.

Bunaíodh Coistí Forbartha Pobail Áitiúla i ngach ceantar údaráis áitiúil chun tacú le tionscnaimh forbartha pobail a chur i bhfeidhm agus chun tacú le cláir phobail cosúil leis an Chlár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (CCSGP), Cathracha Sláintiúla, an Clár um Chumhachtú Pobal agus an Clár Feabhsúcháin Áitiúil.

Agus é ag labhairt ag ócáid i gCathair Chorcaí chun an feachtas a sheoladh, dúirt an tAire Buttimer:

“Is mór an pléisiúr dom, mar Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, gur féidir liom tacú leis na CFPÁnna agus béim a leagan orthu ar fud Éireann, agus gur féidir liom feasacht a ardú faoin ról bunriachtanach atá acu ó thaobh tacú le pobail, seirbhísí a chomhordú, agus caighdeán maireachtála a fheabhsú ar fud na tíre.

“Tugann na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí pobail chun an bhoird chéanna, ionas gurbh fhearr an phleanáil agus comhordú a dhéantar ar sheirbhísí, agus go mbeidh na seirbhísí sin níos freagraí ar riachtanais áitiúla. Le linn an fheachtais seo, ba mhaith linn go mbeidh a fhios ag gach grúpa pobail agus cónaitheoir áitiúil go bhfuil struchtúr ann – an CFPÁ – le cuidiú leo chun oibriú le comhlachtaí poiblí, rochtain a fháil ar thacaíochtaí, agus todhchaí a gceantair a mhúnlú”.

Cuireann CFPÁnna le forbairt pobal áitiúil, trí ghníomhartha eacnamaíocha agus pobail atá laistigh de gach Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail.

Leagtar amach i bPleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail, i gcomhair tréimhse sé bliana, na cuspóirí agus na gníomhartha atá de dhíth chun tacú le forbairt eacnamaíoch agus pobail an cheantair údaráis áitiúil ábhartha.

Leis an fheachtas nua seo chun béim a leagan ar ról na CFPÁnna, spreagtar éinne a bhfuil baint acu le club, grúpa deonach, nó ar mhaith leo seirbhísí pobail níos fearr ina gceantar, spreagtar iad chun tuilleadh a fhoghlaim faoin chuidiú atá ar fáil óna CFPÁ áitiúil.

Dúirt Coilín Ó Reilly, Cathaoirleach Choiste Tuaithe, Pobail, Cultúir agus Oidhreachta Chumann Bainistíochta an Chontae agus na Cathrach agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Cheatharlach:

“Is cuid lárnach den rialtas áitiúil iad Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) agus tá ról tábhachtach acu ag tacú le forbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch phobail a chothú. Trí údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí agus leasanna pobail a thabhairt le chéile, cuireann na CFPÁnna cur chuige comhcheangailte chun cinn maidir le cláir a phleanáil agus a sheachadadh ar an leibhéal áitiúil, rud a chuidíonn le daonlathas áitiúil a neartú. Fáiltíonn an CCMA roimh an bhfeachtas seo mar chéim thábhachtach chun aird a tharraingt ar CFPÁnna mar sheirbhís phobail ríthábhachtach agus ar an ról atá acu i dtacaíocht a thabhairt do phobail ar fud na tíre.”

Dúirt Rebecca Loughry, Stiúrthóir Seirbhísí, Gnóthaí Corparáideacha, Pobail & Cultúrtha, Comhairle Cathrach Chorcaí:

“Thar ceann Chomhairle Cathrach Chorcaí, ba mhaith liom fáilte a chur roimh sheoladh an fheachtais thábhachtaigh seo. Is deis iontach í seo chun aird a tharraingt ar an obair thábhachtach déanta ag CFPÁnna ar fud na tíre. Mar phríomhoifigeach Chomhairle Cathrach Chorcaí, tá áthas ar leith orm gur roghnaigh an tAire Buttimer Cathair Chorcaí mar an suíomh chun feachtas cumarsáide feasachta náisiúnta agus áitiúil CFPÁ a sheoladh.”

Beidh an feachtas seo, dar teideal “Ár CFPÁnna – ag Forbairt Pobail Níos Fearr le Chéile”, ar siúl ón 1 Bealtaine 2026 ar feadh trí seachtaine ar fud raidió, podchraoltaí, na meáin chlóite agus na meáin ar líne.

Tabhair cuairt ar gov.ie/lcdc i gcomhair tuilleadh eolais.

Newsletter 24.04.2026

🌟 A jam-packed week of events, opportunities, and community updates! Before we get into this week’s Newsletter, I just want to say thank you so much to all who came to …