Eisiúint Meáin: Seolann an Tánaiste Simon Harris agus an tAire Jerry Buttimer Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Taighde Chlár Cuimsithe Shóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail an Rialtais
Media Release
Monday, 15th September 2025

Tánaiste Simon Harris and Minister Jerry Buttimer launch the Government’s Social Inclusion & Community Activation Programme 2024 Annual Report and New Arrivals Research

On Monday 15th September 2025, Tánaiste Simon Harris joined Minister of State with responsibility for Community Development and Charities, Jerry Buttimer T.D., to launch the Social Inclusion and Community Activation Programme (SICAP) 2024 Annual Report at the Little Flower Hall in Bray, County Wicklow.
SICAP works with individuals and groups, strengthening communities and improving the quality of life of those facing social exclusion and inequality.
SICAP 2024 – 2028, the third iteration of the programme commenced on January 1st 2024. The SICAP 2024 Annual Report highlights the impact of the new programme which has a renewed focus on targeting those who are most disadvantaged in Irish society.
To support this, resources are targeted locally based on local needs and local knowledge. By the end of 2024, all key performance indicators (KPIs) for the programme were exceeded.
Some of the key findings include;
- 2,368 Local Community Groups were supported in 2024
- 1995 individuals, 6% of the overall caseload, progressed into employment in 2024
- 260 Community activists or community groups were supported in 2024
- 473 Social Enterprises were supported by SICAP in 2024.
- 32,490 individuals were supported in 2024
- 53,133 Children & parents were supported in 2024.
- 96,520 non-caseload individuals attended events sponsored by SICAP
Three research documents on supports for people newly arrived in the country including Beneficiaries of Temporary Protection, International Protection Applicants/asylum seekers and refugees since 2022 were also launched. The reports highlight challenges and good practice in delivering supports to new arrivals.
The key findings include:
· In 2022 and 2023 (combined), New Arrivals made up 30% of the overall individual SICAP caseload, at 16,404 people. In 2021, the equivalent proportion was 5%.
· The primary driver of the increase in supports to New Arrivals was the high proportion of Ukrainians supported. In total, 72%, of the New Arrivals group was made up of Ukrainians.
· The remaining 28% was comprised of 21% asylum seekers and 7% refugees.
· Only 3% of New Arrivals supported in 2022-2023 received support prior to 2022.
Launching the report, Tánaiste Simon Harris said:
“As the Government’s primary social inclusion programme, SICAP provides vital services to reduce poverty and tackle the exclusion and marginalisation experienced by groups and individuals across the country.
“Where people and groups are not engaged with mainstream supports, SICAP provides a pathway to those marginalised people and groups to participate in their local community and its development.
“The statistics in the Annual Report published today speak for themselves as to the vital support this programme provides to many communities across the country.”
Speaking on the research reports on SICAP supports to New Arrivals, the Tánaiste remarked:
“I also want to highlight the substantial suite of research on SICAP’s supports to New Arrivals.
“Over the past few years SICAP has been at the frontline of integration and inclusion supports to New Arrivals, be they Ukrainians forced from the homes due to the terrible conflict in their home country, or International Protection applicants or refugees seeking safety.
“The research very much highlights SICAP’s strengths, agility and impact as Ireland’s primary social inclusion programme, and provides sharp insights into the lived experience of New Communities in Ireland during a period of rapid change.”
Minister Buttimer added:
“SICAP does vital work in helping individuals and groups, by improving the life chances of those who are marginalised in society, living in poverty or unemployed.
“The hard proof of SICAP’s impact is evident in the statistics from the Annual Report. The programme has exceeded its Key Performance Indicators for the Year, and I have no doubt will continue to build on this positive momentum.”
Pobal CEO, Anna Shakespeare said:
“We welcome the launch of the 2024 SICAP Annual Report today which shows that over 32,000 marginalised people received over 122,000 supports in 2024. Of those, over 16,000 completed a course, 1,995 progressed to employment and 1,359 set up their own business.
“We are also delighted to have An Tánaiste Simon Harris launch the SICAP New Arrivals reports, which are the result of a significant amount of analysis by our team in Pobal along with Department colleagues, supported by research consultants, Interactions Ltd, The Outcome and Eithne Tiernan. This important and timely research shows the positive impacts of SICAP supports. Overall, 16,404 New Arrivals received support through SICAP in 2022-2023, 30% of the overall individual SICAP caseload. The reports provide a holistic view of SICAP supports, from an analysis of existing data held by Pobal, personal reflections from SICAP beneficiaries and the experience of Local Development Companies delivering supports as gathered through focus groups and surveys.”
The Reports for this event are published here .
Eisiúint Meáin
Dé Luain, 15 Meán Fómhair 2025

Seolann an Tánaiste Simon Harris agus an tAire Jerry Buttimer Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Taighde Chlár Cuimsithe
Shóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail an Rialtais

Inniu, (Dé Luain, an 15 Meán Fómhair 2025) sheol an Tánaiste Simon Harris i gcomhar leis an Aire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, Tuarascáil Bhliantúil 2024 an Chláir um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (CCSGP) in Little Flower Hall i mBré, Contae Chill Mhantáin.
Oibríonn CCSGP le daoine aonair agus le grúpaí, ag neartú pobal agus ag feabhsú caighdeáin mhaireachtála na ndaoine in eisiaimh shóisialta agus éagothroime.
Thosaigh CCSGP 2024-2028, an tríú leagan den chlár, ar an 1 Eanáir 2024. I dTuarascáil Bhliantúil CCSGP 2024, leagtar béim ar thionchar an chláir nua a dhíríonn arís ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste i sochaí na hÉireann.
Chun tacú leis seo, dírítear acmhainní go háitiúil ar bhonn riachtanais áitiúla agus eolais áitiúil. Faoi dheireadh 2024, sáraíodh gach príomhtháscaire feidhmíochta don chlár.
Seo a leanas roinnt de na príomhthorthaí;
- Tacaíodh le 2,368 Grúpa Pobail Áitiúil in 2024
- Rinne 1995 duine aonair, 6% den riar cásanna foriomlán, dul chun cinn san fhostaíocht in 2024
- Tacaíodh le 260 gníomhaí pobail nó grúpa pobail in 2024
- Tacaíodh le 473 fiontar sóisialta faoi CCSGP in 2024.
- Tacaíodh le 32,490 duine aonair in 2024
- Tacaíodh le 53,133 leanbh & tuismitheoir in 2024.
- D’fhreastail 96,520 duine aonair nach raibh faoi riar cásanna ar imeachtaí urraithe faoi CCSGP
Seoladh trí dhoiciméad taighde freisin ar thacaíochtaí do dhaoine atá díreach tar éis teacht isteach sa tír, lena n-áirítear Tairbhithe Cosanta Sealadaigh, Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó 2022 i leith. Sna tuarascálacha, leagtar béim ar dhúshláin agus ar dhea-chleachtas maidir le tacaíochtaí a sholáthar do dhaoine atá díreach tar éis teacht isteach sa tír.
Seo a leanas roinnt de na príomhthorthaí:
· In 2022 agus 2023 (le chéile), b’ionann daoine a bhí díreach tar éis teacht isteach sa tír agus 30% de riar cásanna CCSGP foriomlán aonair, ag 16,404 duine. In 2021, ba é 5% an cion coibhéiseach.
· Ba é an príomhthiománaí den mhéadú ar thacaíochtaí do dhaoine tar éis teacht isteach sa tír an cion ard d’Úcránaigh a fuair tacaíocht. San iomlán, ba Úcránaigh iad 72% de na daoine a bhí díreach tar éis teacht isteach sa tír.
· Ba é an 28% eile ná 21% iarrthóirí tearmainn agus 7% dídeanaithe.
· Ní bhfuair ach 3% de na daoine a bhí díreach tar éis teacht isteach sa tír tacaíocht idir 2022 agus 2023 tacaíocht roimh 2022.
Ag seoladh na tuarascála, dúirt an Tánaiste Simon Harris:
“Mar phríomhchlár cuimsithe sóisialta an Rialtais, cuireann CCSGP seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil chun bochtaineacht a laghdú agus dul i ngleic leis an eisiamh agus an imeallú a bhíonn ag grúpaí agus daoine aonair ar fud na tíre.
“I gcás nach mbíonn daoine agus grúpaí ag gabháil do thacaí príomhshrutha, cuireann CCSGP bealach ar fáil do na daoine agus na grúpaí imeallaithe sin chun páirt a ghlacadh ina bpobal áitiúil agus ina fhorbairt.
“Labhraíonn na staitisticí sa Tuarascáil Bhliantúil a foilsíodh inniu ar a son féin maidir leis an tacaíocht ríthábhachtach a sholáthraíonn an clár seo do go leor pobal ar fud na tíre.”
Ag labhairt faoi na tuarascálacha taighde ar thacaí CCSGP do dhaoine díreach tar éis teacht isteach sa tír, dúirt an Tánaiste:
“Ba mhaith liom aird a tharraingt freisin ar an tsraith shuntasach taighde ar thacaí CCSGP do dhaoine atá díreach tar éis teacht isteach sa tír.
“Le blianta beaga anuas, tá CCSGP ar thús cadhnaíochta maidir le tacaí comhtháthaithe agus cuimsithe do na daoine seo, bíodh siad ina nÚcránaigh a cuireadh as a dtithe mar gheall ar an gcoimhlint uafásach ina dtír dhúchais, nó ina n-iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta nó ina ndídeanaithe atá ag lorg sábháilteachta.
“Leagtar béim mhór sa taighde ar láidreachtaí, aclaíocht agus tionchar CCSGP mar phríomhchlár cuimsithe sóisialta na hÉireann, agus tugtar léargas géar ann ar thaithí mhaireachtála Phobail Nua in Éirinn le linn tréimhse athraithe thapa.”
Dúirt an tAire Buttimer:
“Déanann CCSGP obair ríthábhachtach chun cabhrú le daoine aonair agus grúpaí, trí dheiseanna saoil na ndaoine atá imeallaithe sa tsochaí, atá ina gcónaí i mbochtaineacht nó dífhostaithe a fheabhsú.
“Tá cruthúnas ar thionchar CCSGP soiléir sna staitisticí ón Tuarascáil Bhliantúil. Tá an clár tar éis a Phríomh-Tháscairí Feidhmíochta don Bhliain a shárú, agus níl aon amhras orm go leanfaidh sé ag tógáil ar an móiminteam dearfach seo.”
Dúirt POF Pobal, Anna Shakespeare:
“Cuirimid fáilte roimh sheoladh Thuarascáil Bhliantúil CCSGP 2024 inniu ina léirítear go bhfuair breis is 32000 duine imeallaithe breis is 122000 tacaíocht in 2024. Díobh siúd, chríochnaigh breis is 16000 cúrsa, rinne 1995 dul chun cinn san fhostaíocht agus bhunaigh 1359 a ngnó féin.
“Tá áthas orainn freisin go bhfuil an Tánaiste Simon Harris ag seoladh thuarascálacha CCSGP, ar toradh iad ar mhéid suntasach anailíse ag ár bhfoireann i bPobal mar aon le comhghleacaithe na Roinne, le tacaíocht ó chomhairleoirí taighde, Interactions Ltd, The Outcome agus Eithne Tiernan. Léirítear sa taighde tábhachtach agus tráthúil seo na tionchair dhearfacha a bhaineann le tacaíochtaí CCSGP. Tríd is tríd, fuair 16404 duine atá díreach tar éis teacht isteach sa tír tacaíocht trí CCSGP in 2022-2023, 30% de riar cásanna CCSGP aonair foriomlán. Sna tuarascálacha tugtar léargas iomlánaíoch ar thacaí CCSGP, ó anailís ar shonraí atá i seilbh Pobal cheana féin, machnaimh phearsanta ó thairbhithe CCSGP agus taithí na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla ag seachadadh tacaíochtaí mar a bailíodh trí ghrúpaí fócais agus suirbhéanna.”
Foilsíodh na Tuarascálacha don ócáid seo anseo.
