Skip to content

Preasráiteas: An leabhar scéalta matamaitice 1, 2 Spraoi le Fighting Words seolta ag an Aire Dara Calleary

Minister Dara Calleary launches mathematics storybook 1, 2, Spraoi by Fighting Words

An leabhar scéalta matamaitice 1, 2 Spraoi le Fighting Words seolta ag an Aire Dara Calleary

  • Ghlac trí scoil (BÁC, Maigh Eo agus Gaillimh) páirt sna ceardlanna scríbhneoireachta as ar eascair an leabhar.
  • Is iad na páistí scoile féin a scríobh na scéalta matamaitice atá sa leabhar.
  • Is é seo an dara bliain den tionscnamh 1,2, Spraoi.
  • Tá maoiniú €100,000 ceadaithe do Fighting Words ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta don bhliain 2025.

Inniu (Déardaoin, 22 Bealtaine), ag ócáid in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an leabhar 1, 2 Spraoi – leabhar ar toradh é ar an obair sa scríbhneoireacht chruthaitheach atá ar siúl ag Fighting Words le scoileanna i gceantair thuaithe agus chathrach.

Le tacaíocht airgid ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, is tionscadal spraíúil é 1,2 Spraoi idir Fighting Words, an Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Is sampla iontach é an tionscadal 1, 2 Spraoi de na bealaí difriúla ar féidir daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge – tugtar an deis do na páistí scoile féin na scéalta matamaitice a chumadh agus a scríobh. Is é seo an dara bliain den tionscadal, agus an dara himleabhar a foilsíodh.

Bhí na ceardlanna scríbhneoireachta ar siúl i mbliana le:

•         Scoil Bhreandáin, an Eachléim, an Fód Dubh, Co. Mhaigh Eo;

•         Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camas, Co. na Gaillimhe, agus

•         Gaelscoil Bharra, an Chabrach, Baile Átha Cliath.

Agus an leabhar á sheoladh aige inniu, dúirt an tAire Dara Calleary:

‘‘Is sampla iontach é an leabhar ‘1, 2 Spraoi’ de na bealaí difriúla ar féidir linn daoine óga a mhealladh i dtreo áilleacht agus shaibhreas na Gaeilge. Ní hamháin go gcothaíonn an tionscadal seo grá don Ghaeilge ach spreagann sé freisin an scéalaíocht agus an tsamhlaíocht i measc ár ndaoine óga; tá mé fíorbhródúil go bhfuil mo Roinn in ann tacú go gníomhach leis an tionscadal breá seo.

“Tá an obair atá idir lámha ag Fighting Words ríthábhachtach chun cruthaitheacht i scríobh na Gaeilge a fhorbairt i measc ár ndaoine óga agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil le foilsiú an leabhair ‘1,2 Spraoi’. Mar a deir an seanfhocal – ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí.’”

Dúirt Colm Ó Cuanacháin (Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fighting Words):

“Reáchtálann Fighting Words gníomhaíochtaí scríbhneoireachta cruthaithí le páistí sna ceantair Ghaeltachta agus i nGaelscoileanna ar fud na tíre le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta. Is é seo é an dara leabhar inár sraith ‘1, 2, Spraoi’ ina bhfuil scéalta matamaitice scríofa i nGaeilge ag páistí. Beidh daoine óga eile atá ag foghlaim na matamaitice as Gaeilge in ann an-leas a bhaint as an gcnuasach scéalta iontach seo”.  

Is eagraíocht scríbhneoireachta cruthaithí é Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle agus Seán Love i mBaile Átha Cliath in 2009. Is é príomhaidhm na heagraíochta ná cuidiú le daltaí de gach aois a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus a ngrá don scríbhneoireacht chruthaitheach a mhúscailt.

Tugann Fighting Words deiseanna do dhaoine óga a scríbhneoireacht chruthaitheach a fhorbairt sna ceardlanna/campaí/ócáidí a bhíonn a réachtáil acu ar fud na tíre agus iad go léir saor in aisce. In 2024 reáchtáladh os cionn 1,300 ceardlann/campa/ócáid agus ghlac breis agus 25,000 dalta páirt iontu sin.

Le tacaíocht ón Roinn tá Fighting Words ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta ó 2019, agus ó 2022 i leith i nGaelscoileanna thart timpeall na tíre.




Minister Dara Calleary launches mathematics storybook 1, 2, Spraoi by Fighting Words

  • Three schools (in Dublin, Mayo and Galway) took part in the writing workshops that resulted in this book.
  • The maths stories in the book are written by the schoolchildren themselves.
  • This is the second year of the 1,2, Spraoi initiative.
  • The Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht has granted funding of €100,000 for Fighting Words for 2025.

Today (Thursday, 22 May), at an event in Dublin City University, the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, launched the book 1, 2, Spraoi – a book which is the result of Fighting Words’ creative writing work with schools in rural and metropolitan areas.

With financial support from the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, 1,2, Spraoi is a fun project collaboration between Fighting Words, the Institute of Education at Dublin City University, and An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

The project 1, 2 Spraoi is a great example of the different ways in which young people can be attracted to the Irish language – it gives the schoolchildren themselves the opportunity to compose and write mathematical stories. This is the second year of the project and the second volume published.

This year’s writing workshops were held with:

•         Scoil Bhreandáin, An Eachláin, An Fód Dubh, Co. Mayo;

•         Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camus, Co. Galway, and

•         Gaelscoil Bharra, Cabragh, Dublin.

Launching the book today, Minister Dara Calleary said:

”The book ‘1, 2 Spraoi’ is a great example of the different ways in which we can attract young people towards the beauty and richness of the Irish language. This project not only fosters a love for the Irish language but also inspires storytelling and imagination among our young people; I am very proud that my department is in a position to actively support this wonderful project.

“The work being done by Fighting Words is vital in developing creativity in writing in Irish among our young people and the results of this work can be seen with the publication of the book ‘1,2, Spraoi’. As the proverb goes – ‘Praise the youth and they will prosper.’”

Colm Ó Cuanacháin (Executive Director of Fighting Words) said:

“Fighting Words runs creative writing activities with children in Gaeltacht areas and in Gaelscoileanna throughout the country with the support of the Department of the Gaeltacht.

“This is the second book in our series ‘1, 2, Spraoi’ which features mathematical stories written in Irish by children. Other young people who are learning maths through Irish will be able to make great use of this wonderful collection of stories.”  

Fighting Words is a creative writing organisation founded in Dublin in 2009 by Roddy Doyle and Seán Love. The main aim of the organisation is to help pupils of all ages develop their writing skills and instil a love of creative writing.

Fighting Words gives young people opportunities to develop their creative writing in the workshops,camps and events they organise around the country, all free of charge. In 2024 over 1,300 workshops, camps and events were held and over 25,000 students participated.

With the support of the department, Fighting Words has been operating in Gaeltacht areas since 2019 and, since 2022, in Gaelscoileanna around the country.

Newsletter 30/05/2025

Welcome to another Cork County PPN newsletter ! Hopefully the sun is shining where you are, and you’re looking forward to your Bank Holiday weekend plan !  We have bestowed …