Skip to content

Preasráiteas: Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Calleary

Preasráiteas

Dé hAoine, 28 Márta 2025

Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Calleary

D’fhogair an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta Dara Calleary TD inniu go bhfuil bord nua ceaptha ar Údarás na Gaeltachta ar feadh tréimhse a mhairfidh suas le dhá bhliain go deireadh 2026.

Faoi réir na socruithe reatha atá i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn an tAire seachtar don bhord, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínsí acu an cúigear comhaltaí eile. Is ar bhonn róta a ainmnítear comhaltaí i gcás na dtrí chontae Gaeltachta is lú – Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí. Is ag contae na Mí a bheidh ionadaíocht ar bhord an Údaráis don téarma nua seo.

Seo a leanas na comhaltaí atá ceaptha faoi réir an Achta, le héifeacht láithreach;

Siobhán Ní Ghadhra (Cathaoirleach)Ceapachán an Aire
Máire Áine Uí AilínAn tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Caitlín Ní BhroinAn tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Seán Ó CuirreáinAn tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Micheál Ó DrisleáinAn tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Máirtín Ó LaoiComhairle Contae na Gaillimhe
Anthony MolloyComhairle Contae Dhún na nGall
Pádraig Ó ConaireComhairle Contae Mhaigh Eo
Breandán Mac GearailtComhairle Contae Chiarraí
Cathal SeoigheComhairle Contae na Mí

Fágann sé seo go mbeidh dhá fholúntas ar an mbord go fóill. Tá sé i gceist ag an Aire líonadh na bhfolúntas seo a choinneáil faoi athbhreithniú ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 san Oireachtas sna míonna amach romhainn.  Is ag Céim an Choiste i nDáil Éireann atá an Bille sin faoi láthair.

Beidh téarma suas le dhá bhliain, go dtí deireadh 2026, ag an mbord nua seo chun deis a thabhairt don Rialtas an leasú reachtaíochta a bhrú chun cinn agus toghchán a reáchtáil don bhord.

Dúirt an tAire Calleary:

“Tuigim an tábhacht a bhaineann le hobair bhord agus fheidhmeannas Údarás na Gaeltachta. Tá sé i gceist agam anois brú ar aghaidh leis an leasú reachtaíochta a chur i bhfeidhm, mar a bhaineann sé le toghcháin don bhord a athbhunú.  Guím gach rath ar na comhaltaí nua-cheaptha agus iad i mbun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh ar son phobal na Gaeltachta.”




Comhaltaí Boird

Siobhán Ní Ghadhra (Cathaoirleach) – Is léiritheoir teilifíse í Siobhán Ní Ghadhra a bhfuil gradaim bainte amach aici, dhá ghradam Emmy ina measc, i réimse na teilifíse, na beochana agus sa chraoladh beo. Chuir sí tús lena saol gairmiúil i stiuideo an déantóra scannán Roger Corman i gConamara agus ceapadh í mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin le Telegael in 2012. Sa bhliain 2015, bhunaigh sí Danú Media.

Ba chomhalta í tráth d’Údarás Craolacháin na hÉireann idir 2010 agus 2015, den Blue Teapot Theatre Company agus de Bhord Straitéise Seachtraí Ollscoil na Gaillimh chomh maith. Is comhalta í faoi láthair de bhoird TG4 agus Deasc Eoraip Chruthaitheach i nGaillimh.

Máire Áine Uí Ailín – Is Oifigeach Socrúchán in Ollscoil na Gaillimhe í Máire Áine Uí Ailín. Tá sí freagrach as riaradh Clár Socrúchán Oibre do mhic léinn atá i mbun BA le Gaeilge agus mic léinn atá ag staidéar Dlí le Gaeilge. Tá BA sa Ghaeilge aici agus MA sa Phleanáil Teanga. Is as Ceantar na nOileán di ó dhúchas agus tá sí ina cónaí ar an gCeathrú Rua.

Caitlín Ní Bhroin – Is Oifigeach Pleanála Teanga í Caitlín Ní Bhroin i gCloch Cheann Fhaola, Co. Dún na nGall. Rugadh agus tógadh Caitlín i Machaire Rabhartaigh agus tá seacht mbliain is fiche caite aici ag obair leis an Ghaeilge ar fud na hÉireann. Tá B.A. aici i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge agus M. Res bainte amach aici ar Fhilíocht na mBard sa 17ú Aois.

Micheál Ó Drisleáin – Is iar-Stiúrthóir ar Choláiste na Rinne, i nGaeltacht na Déise, é Mícheál Ó Drisleáin. Tá Ph.D sa Ghaeilge bainte amach aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá sé ag obair mar chomharleoir gnó/margaíochta.

Seán Ó Cuirreáin – Is iar-comhalta ar bhord an Údaráis é Seán Ó Cuirreáin as Dún na nGall. Tá sé ag obair mar Bhainisteoir ar Ionad Saorálaí Dhún na nGall agus é ina chomhalta boird ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus Pobal chomh maith.

Máirtín Ó Laoi – Is Comhairleoir Contae é Máirtín Ó Laoi as gCeantar na nOileán i gConamara. Tá sé féin-fostaithe in earnáil na hiascaireachta agus muirsaothraithe le os cionn 30 bliain. Tá sé gníomhach le fada an lá sa bhforbairt pobail ina cheantar féin.          

Anthony Molloy – Toghadh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall Anthony Molloy i 2019 don chéad uair. Ceapadh mar chomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair in 2023. Is ball de Chomhar na nOileán agus de Choiste Bhéal an Phobail in Iardheisceart Dhún na nGall é. Tá sé in bhall de Chumann Luthchleas Gael Ard an Rátha le fáda an lá agus bhí sé mar chaptaen ar fhoireann peile Dhún na nGall i 1992 nuair a thug siad abhaile Corn Mhig Uidhir. Tá suim ollmhór aige sa Ghaeilge, sa chultúr agus i gníomhaíochtaí pobail.

Pádraig Ó Conaire – Is adhlacóir agus tábhairneoir é Pádraig Ó Conaire as Béal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo. Ba é ionadaí Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar Bhord Údarás na Gaeltachta roimhe seo ó 2022 go dtí 2024.

Breandán Mac Gearailt – Is ionadaí áitiúil lánaimseartha é Breandán Mac Gearailt. Ó Daingean Uí Chúis i gCorca Dhuibhne é agus tá sé ina Chomhairleoir Contae i gCiarraí ó 2019. Toghadh é mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Chiarraí i 2024. Tá sé paiseanta faoin nGaeilge a chur chun cinn, fostaíocht a chruthú, turasóireacht, tacú le feirmeoirí agus iascairí, forbairt inbhuanaithe agus tionscnaimh tithíochta sóisialta agus inacmhainne a chur chun cinn.

Cathal Seoighe – Is as Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí é Cathal Seoighe. Ceapadh Cathal ar Bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair sa mbliain 2000. Tá sé mar chathaoirleach ar Chumann Peile Chlann na nGael atá ag reachtáil Comórtas Peile na Gaeltachta in 2025. Tá sé ina rúnaí náisiúnta ar an gComórtas Peile chomh maith.