Skip to content

Press Release: Minister Calleary announces over €485,000 to upgrade walking and hiking trails across rural Ireland

Preasráiteas: Breis is €485,000 fógartha ag an Aire Calleary chun conairí siúil agus fánaíochta a uasghrádú ar fud cheantair thuaithe na hÉireann

Press Release

Thursday, 21 May 2026

Minister Calleary announces over €485,000 to upgrade walking and hiking trails across rural Ireland

·      Investment to improve 52 trails listed on Department’s Walks Scheme

·      Funding to resurface, re-route and improve trails in rural communities

·      Department working with over 2,900 landholders to open the countryside to hikers, tourists and families alike

Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, has today (Thursday, 21 May 2026) announced further investment of over €485,000 for 52 small capital projects on Walks Scheme trails across the country.

Focused specifically on trails that are part of the Department’s Walks Scheme, this funding is being provided to resurface, re-route and enhance these walking trails. In keeping with Embracing Ireland’s Outdoors, the national outdoor recreation strategy, the investment is designed to ensure that these trails are maintained to a high standard, benefitting local communities and alike.

Making the announcement, Minister Calleary said:

Walking in Ireland’s beautiful countryside has wide-ranging benefits for the walker and local communities.  There are a wide variety of trails across the country, from coastal trails to forest and mountain walks, making it easier for walkers to be immersed in nature. 

“I am delighted to announce this funding to support the further enhancement of these Walks Scheme trails, so that they can continue to be enjoyed by all.

“This funding demonstrates my Department’s commitment to working in partnership with the Local Development Companies, landowners, trail management organisations and community groups in the development and enhancement of walking trails throughout the country. I want to again thank the landowners for making their land available and the local community groups that work tirelessly to develop and manage these trails.

Under the Walks Scheme, modest funding is provided to farmers and other landholders to maintain the walking trails that cross their land. Additional funding for small-scale capital works on these trails is being announced today. 

Among the successful projects include:

  • Slí Chonamara, Co Galway – Trail Upgrade and Repair – €10,000
  • Croagh Patrick Heritage Trail, Co Mayo – Path and fencing improvements – €10,000.
  • Duhallow Way, Co Cork – Walking bridge replacement, fencing replacement, crossing stile and information lectern installation – €10,000.
  • Kilmacoliver Woodland Loop, Co Kilkenny– Surface upgrades and improving accessibility – €10,000.
  • Rerrin Loop Bere Island, Bere Island, Co Cork – Surface improvements with installation of new signage and waymarkers – €10,000.
  • Waterford Estuary Coastal Path, Co Waterford – Installation of location identification signage, replacement of information board – €10,000.

The full list of approved projects can be found here.




Preasráiteas: Breis is €485,000 fógartha ag an Aire Calleary chun conairí siúil agus fánaíochta a uasghrádú ar fud cheantair thuaithe na hÉireann

Preasráiteas

Déardaoin, 21 Bealtaine 2026

Breis is €485,000 fógartha ag an Aire Calleary chun conairí siúil agus fánaíochta a uasghrádú ar fud cheantair thuaithe na hÉireann

·      Infheistíocht chun feabhas a chur ar 52 chonair arna liostú ar Scéim Siúlóidí na Roinne

·      Maoiniú chun conairí a athdhromchlú, a atreorú agus a fheabhsú i bpobail tuaithe

·      An Roinn i mbun oibre le breis is 2,900 úinéir talún chun an tuath a oscailt do shiúlóirí, turasóirí agus teaghlaigh

Inniu (Déardaoin, 21 Bealtaine 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go ndéanfar tuilleadh infheistíochta de bhreis is €485,000 in 52 mhiontionscadal caipitil ar chonairí de chuid Scéim na Siúlóidí ar fud na tíre.

Agus béim á leagan ar chonairí atá mar chuid de Scéim Siúlóidí na Roinne, tá an maoiniú seo á chur ar fáil chun na conairí siúil seo a athdhromchlú, a atreorú agus a fheabhsú. De réir Téigh Amach Faoin Aer, an straitéis náisiúnta áineasa faoin aer, dearadh an infheistíocht le cinntiú go ndéantar cothabháil ar na conairí seo lena gcoinneáil ar ardchaighdeán, rud a théann chun tairbhe pobal áitiúil.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Calleary:

“Is iomaí buntáiste atá i gceist lena bheith ag siúl i gceantair thuaithe áille na hÉireann, don siúlóir agus do phobail áitiúla.  Tá réimse leathan conairí ann ar fud na tíre, idir conairí cósta agus conairí coille agus sléibhe, a fhágann gur fusa do shiúlóirí iad féin a thumadh sa dúlra. 

“Is cúis áthais dom an maoiniú seo a fhógairt chun tacú le breis feabhais a chur ar na conairí seo de chuid Scéim na Siúlóidí, ionas gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint astu.

“Léirítear leis an maoiniú seo go bhfuil rún daingean ag mo Roinn chun obair i gcomhar leis na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, le húinéirí talún, le heagraíochtaí bainistithe conairí agus le grúpaí pobail chun conairí siúil a fhorbairt agus a fheabhsú fud fad na tíre. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís leis na húinéirí talún as a dtalamh a chur ar fáil agus leis na grúpaí pobail áitiúla a oibríonn go díograiseach chun na conairí seo a fhorbairt agus a bhainistiú.”

Faoi Scéim na Siúlóidí, tugtar maoiniú réasúnta d’fheirmeoirí agus úinéirí talún eile chun cothabháil a dhéanamh ar na conairí a thrasnaíonn a dtalamh. Tá maoiniú breise á fhógairt inniu i gcomhair mionoibreacha caipitil ar na conairí seo. 

Áirítear ar na tionscadail ar éirigh leo:

  • Slí Chonamara, Co na Gaillimhe – Uasghrádú agus Deisiú na Conaire – €10,000
  • Conair Oidhreachta Chruach Phádraig, Co Mhaigh Eo – Feabhsúcháin ar chonair agus sconsa – €10,000.
  • Slí Dhúiche Ealla, Co Chorcaí – Droichead nua do choisithe, sconsa nua, dreapa trasnaithe agus comhartha eolais a shuiteáil – €10,000.
  • Lúb Choillearnaí Choill Mhic Oilféara, Co Chill Chainnigh – Uasghráduithe dromchla agus feabhas ar inrochaineacht – €10,000.
  • Lúb Raerainn, an tOileán Mór, Co Chorcaí – Feabhsúcháin dhromchla le comharthaíocht agus marcanna slí nua á suiteáil – €10,000.
  • Conair Chósta Inbhear Phort Láirge, Co Phort Láirge – Comharthaíocht um aithint suímh a shuiteáil, bord eolais nua a chur isteach – €10,000.

Is féidir teacht ar liosta iomlán na dtionscadal a ceadaíodh anseo.