Skip to content

Press Release: Minister Calleary launches workshop on European Placenames as part of series of Departmental events under EU Presidency

Preasráiteas: Ceardlann ar Logainmneacha Eorpacha seolta ag an Aire Calleary mar chuid de shraith ócáidí na Roinne faoi Uachtaránacht an AE

Press Release

Thursday, 23 July 2026

Minister Calleary launches workshop on European Placenames as part of series of Departmental events under EU Presidency

●     ‘Placenames and Ecology in the European Context’ workshop launched by Minister Calleary in All Hallows College, Drumcondra

●     Researchers and academics from Ireland, Britain and continental Europe participating in the workshop

●     Workshop held jointly by Gaois research group (Dublin City University) and the Placenames Branch (Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht)

The Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, today (Thursday, 23 July 2026) launched the ‘Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach / Placenames and Ecology in the European Context’ workshop in All Hallows College, Drumcondra. This biannual workshop is held jointly by the Gaois research group (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) and the Placenames Branch (the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht).

The workshop held two years ago, entitled ‘Cad a dhéanfaidh muid feasta gan adhmad’ [‘What shall we do from now on without wood’], emphasised trees and forests in Irish placenames.  That theme is being expanded in this year’s workshop, which will discuss broader ecology in placenames (including forests), not only in Ireland but in other places in Europe and further afield.

Launching the workshop today, Minister Calleary said:

“I am delighted that my Department can participate in today’s workshop – one of the first public events we are running as part of Ireland’s Presidency of the Council of the European Union. The subject of placenames is an apt one in the ecological context; a keen understanding of nature and landscape is evident in the placenames we have inherited; with implications for how we live today.

“It is great to see noted researchers from Britain and continental Europe here with us today, sharing their own perspectives, on top of presentations by Irish academics.

“I applaud the work of the Gaois research team here in Dublin City University who are working closely with my own staff in the Department’s Placenames Branch in order to preserve our valuable placenames heritage and to present it to the wider world.”

Dr Brian Ó Raghallaigh, the chief researcher of the Logainm project, said:

“DCU is delighted to be hosting this workshop, in conjunction with the Placenames Branch, and with the support of the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht.

“DCU is very proud of the Logainm database, a national treasure, and this series of workshops, run by DCU biannually since 2012, emphasises research and the national and international discourse in the field of placenames.”

The topic of the discussions being presented in the workshop is placenames referencing ecological systems which have changed or are in decline – forests, boglands, etc.; the function which languages and the heritage of placenames have in the context of climate change; evidence of the distribution of animals and plants prior to the industrial age; references to soil and geology in placenames and the use of this evidence in the modern context, e.g. ecological education, rewilding, rewetting and flood prevention.




Preasráiteas

Déardaoin, 23 Iúil 2026

Ceardlann ar Logainmneacha Eorpacha seolta ag an Aire Calleary mar chuid de shraith ócáidí na Roinne faoi Uachtaránacht an AE

  • An cheardlann ‘Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach’ seolta ag an Aire Calleary i gColáiste na Naomh Uile, Droim Conrach
  • Taighdeoirí agus lucht léinn as Éirinn, an Bhreatain agus Mór-roinn na hEorpa rannpháirteach sa cheardlann
  • An cheardlann á reáchtáil i gcomhar lena chéile ag an ngrúpa taighde Gaois (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus ag an mBrainse Logainmneacha (an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta)

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an cheardlann Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach / Placenames and Ecology in the European Context’ inniu, Déardaoin, 23 Iúil, i gColáiste na Naomh Uile i nDroim Conrach. Tá an cheardlann dhébhliantúil seo á reáchtáil i gcomhar lena chéile ag grúpa taighde Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) agus ag an mBrainse Logainmneacha (an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta).

Sa cheardlann a reáchtáladh dhá bhliain ó shin dar teideal ‘Cad a dhéanfaidh muid feasta gan adhmad’ bhí an bhéim ar chrainn agus ar choillte i logainmneacha na hÉireann. Tá an téama sin á leathnú amach i gceardlann na bliana seo, ina bpléitear leis an éiceolaíocht i gcoitinne i logainmneacha (coillte san áireamh), ní hamháin in Éirinn ach in áiteanna eile san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Agus an cheardlann á seoladh aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá an-áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne a bheith rannpháirteach i gceardlann an lae inniu – ceann de na chéad ócáidí poiblí atá á reáchtáil againn mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is ábhar thar a bheith tráthúil é logainmneacha i gcomhthéacs na héiceolaíochta; tá tuiscint ghrinn ar an dúlra agus ar an tírdhreach le sonrú ar na logainmneacha a fágadh againn mar oidhreacht, agus impleachtaí ansin don chaoi a mairimid sa lá atá inniu ann.

“Is breá an rud é go bhfuil taighdeoirí aitheanta as an mBreatain agus as Mór-roinn na hEorpa anseo linn inniu agus a bpeirspictíocht féin a roinnt acu, anuas ar an méid atá le cur i láthair ag lucht léinn na hÉireann.

“Tréaslaím a gcuid oibre le foireann taighde Gaois anseo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá ag obair go dlúth le m’fhoireann féin i mBrainse Logainmneacha na Roinne ar mhaithe lenar n-oidhreacht luachmhar logainmneacha a chaomhnú agus a chur i láthair an tsaoil mhóir.”

Dúirt an Dr Brian Ó Raghallaigh, príomhthaighdeoir thionscadal Logainm:

“Tá an-áthas ar DCU a bheith ag óstáil na ceardlainne seo, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, agus le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

“Tá DCU thar a bheith bródúil as bunachar Logainm, atá ina sheoid náisiúnta, agus leagann an tsraith ceardlann seo, atá á reáchtáil ag DCU go débhliantúil ó 2012 i leith, béim ar thaighde agus ar phlé náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse na logainmníochta.”

Is é ábhar na gcainteanna atá á gcur i láthair sa cheardlann ná logainmneacha ag tagairt do chórais éiceolaíochta atá athraithe nó in éag – coillte, móinte, srl.; an fheidhm atá ag teangacha agus ag oidhreacht logainmneacha i gcomhthéacs an athraithe aeráide; fianaise faoi dháileadh ainmhithe agus plandaí mar a bhí roimh an ré thionsclaíoch; tagairtí don chré agus don gheolaíocht sna logainmneacha agus úsáid na fianaise seo i gcomhthéacs an lae inniu, m.sh. oideachas éiceolaíochta, athdhúlrú, athfhliuchadh agus seachaint tuilte.

Newsletter 07/08/2026

🌟 Another jampacked edition packed with community news, learning opportunities, and ways to get involved!🌟 This fortnight’s E-Bulletin celebrates the fantastic work of community groups across Cork County, with a special …