Skip to content

Press Release: Ministers Calleary and Buttimer announce a funding package of almost €1.1 million to support the work of Men’s Sheds across the country

Press Release

Ministers Calleary and Buttimer announce a funding package of almost €1.1 million to support the work of Men’s Sheds across the country

  • Funding to support over 495 Men’s Sheds with their running costs
  • Grants of up to €3,000 available to Sheds
  • Funding will be distributed by Irish Men’s Sheds Association

Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary TD, and Minister of State at the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, Jerry Buttimer TD, today (Thursday, 19 November) announced a funding package of almost €1.1 million to support Men’s Sheds across the country.

The funding contribution for this year will enable the Irish Men’s Sheds Association to distribute funding supports to their members. Grants of up to €3,000 will be made available to all Men’s Sheds.

Additional funding is also being provided to allow the IMSA to provide support to the sheds for the grant application process through engagement and the provision of additional technical support.

The funding is designed to assist Men’s Sheds with their running and operational costs such as heating, utility and insurance bills incurred to end of December 2026.

Announcing the funding Minister Calleary said:

“I am delighted to announce this funding to support the valuable work being done right across the country by the Men’s Sheds.

“This funding builds on significant funding provided to the Irish Men’s Shed Association over the last number of years and shows the long-term commitment to Men’s Sheds from this Government.

“The Men’s Shed movement has become one of the great community success stories in Ireland. Men’s Sheds provide welcoming, inclusive and supportive spaces where people come together to share skills, build friendships and maintain strong connections within their communities.

“They play an invaluable role in addressing social isolation, promoting wellbeing and creating opportunities for people to remain active and engaged.

“In Budget negotiations earlier this year, Minister Buttimer and I fought hard to secure ringfenced funding for the Sheds from 2027. Having this funding secured for the years ahead will give the Sheds the certainty they needed.”

Also announcing the funding today, Minister Buttimer said:

“I am delighted to confirm this funding to Men’s Shed along with my colleague, Minister Calleary. I see the valuable work of the Men’s Sheds regularly when I visit communities right across the country, both urban and rural.

“The Sheds are great places for friendship and connection for men of all ages and their work makes a valuable contribution to all of their communities.

“The provision of this funding reinforces the commitment of this Government to the Men’s Sheds as outlined in the current programme for Government.

“We worked very hard during budget negotiations to secure this funding on an annualised basis for Men’s Sheds. The dividend of security this brings, will really be felt in 2027 and the years ahead.”

Minister Calleary added:

“I have had the pleasure of visiting many Men’s Sheds since being appointed Minister and what has always impressed me about Men’s Sheds is that they are about far more than just workshops and projects. They are places of friendship, companionship and mutual support.

“Across the country, sheds contribute enormously to community life, supporting local charities, schools, community groups and voluntary organisations while providing a welcoming environment for their members.”

In welcoming the funding Enda Egan, CEO IMSA, said:

“We are very grateful to Ministers Calleary and Buttimer and the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht for their continued support for Men’s Sheds and for the funding package of almost €1.1M which will ensure that sheds are placed on a sustainable footing.

“This investment reinforces the commitments made by government and is a testament to the valuable contributions of the 495+ Men’s Sheds in communities across Ireland.

“This funding will enable sheds to fund their everyday activities, covering basic running costs such as heat, light and insurance.

“This investment is the product of a close collaboration between the Department and the IMSA which will result in an updated application system which is more appropriate to sheds.

“It is also an acknowledgment of the positive impact sheds have on the wellbeing of shed members, their families and the communities of which they are part. The funding announced today allows us to continue our commitment to making Men’s Sheds sustainable and expanding the movement of inclusive community spaces to support all men from all walks of life.

“Men sometimes join a local Shed to get involved in various projects or to be active in a workshop, however as time passes all men report that it is the camaraderie and social aspect that really connects them emotionally to the shed, with the kettle very often been sighted as the most important tool in the shed”.




Preasráiteas

Fógraíonn na hAirí Calleary agus Buttimer pacáiste maoinithe de bheagnach €1.1 mhilliún chun tacú le hobair Sheideanna na bhFear ar fud na tíre

·         Maoiniú chun tacú le breis agus 495 Sheid Fear maidir lena gcostais reatha

·         Deontais suas le €3,000 ar fáil do na Seideanna

·         Dáilfear an maoiniú trí Chumann Seideanna Fear na hÉireann

Inniu, Déardaoin, an 19 Samhain, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, agus an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Jerry Buttimer, pacáiste maoinithe de bheagnach €1.1 mhilliún chun tacú le Seideanna na bhFear ar fud na tíre.

Cuirfidh an maoiniú i mbliana ar chumas Chumann Seideanna Fear na hÉireann tacaíocht airgeadais a dháileadh ar a gcuid ball. Beidh deontais suas le €3,000 ar fáil do gach Seid Fear.

Tá maoiniú breise á chur ar fáil freisin chun cur ar chumas an IMSA tacaíocht a thabhairt do na Seideanna maidir leis an bpróiseas iarratais ar dheontais, trí rannpháirtíocht agus trí thacaíocht theicniúil bhreise a sholáthar.

Ceapadh an maoiniú chun cabhrú le Seideanna na bhFear a gcostais reatha agus oibriúcháin a chlúdach – costais ar nós téimh, billí fóntais agus árachais a thabhaítear suas go dtí deireadh mhí na Nollag 2026.

Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Calleary:

“Tá an-áthas orm an maoiniú seo a fhógairt chun tacú leis an obair luachmhar atá á déanamh ag Seideanna na bhFear ar fud na tíre ar fad.

“Tógann an maoiniú seo ar an maoiniú suntasach a cuireadh ar fáil do Chumann Seideanna Fear na hÉireann le blianta beaga anuas, agus léirítear ann an tiomantas fadtéarmach atá ag an Rialtas seo i leith Seideanna na bhFear.

“Tá gluaiseacht Seideanna na bhFear ar cheann de na scéalta pobail is fearr in Éirinn. Cuireann Seideanna na bhFear spásanna fáilteacha, cuimsitheacha agus tacúla ar fáil, áit a dtagann daoine le chéile chun scileanna a roinnt, cairdeas a chothú agus naisc láidre a choinneáil laistigh dá bpobail.

“Tá ról fíorluachmhar acu maidir le dul i ngleic le haonrú sóisialta, folláine a chur chun cinn, agus deiseanna a chruthú do dhaoine fanacht gníomhach agus páirteach.”

“Le linn na gcaibidlíochtaí buiséid níos luaithe i mbliana, rinne an tAire Buttimer agus mé féin ár seacht ndícheall chun maoiniú imfhálaithe a chinntiú do na ‘Sheds’ ón mbliain 2027 i leith. Tríd an maoiniú seo a bheith daingnithe do na blianta amach romhainn, beidh an chinnteacht ag na ‘Sheds’ a bhí ag teastáil uathu.”

Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu chomh maith, dúirt an tAire Buttimer:

“Tá an-áthas orm an maoiniú seo do Sheideanna na bhFear a dhearbhú, i gcomhar le mo chomhghleacaí, an tAire Calleary. Feicim an obair luachmhar a dhéantar sna Seideanna seo go rialta nuair a thugaim cuairt ar phobail ar fud na tíre, idir cheantair uirbeacha agus thuaithe.

“Is áiteanna den scoth iad na Seideanna seo chun cairdeas agus nasc a chothú d’fhir de gach aois, agus cuireann a gcuid oibre go mór le saol a bpobal faoi seach.

“Tríd an maoiniú seo a chur ar fáil, léirítear tiomantas an Rialtais seo do Sheideanna na bhFear, mar a leagtar amach i gclár reatha an Rialtais. 

“D’oibríomar go dian le linn na caibidlíochta buiséid chun an maoiniú seo a fháil ar bhonn bliantúil do Sheideanna na bhFear. Beidh an tseasmhacht a thagann as seo le brath go mór in 2027 agus sna blianta ina dhiaidh sin.”

Ar an dara dul síos, dúirt an tAire Calleary:

“Bhí an deis agam cuairt a thabhairt ar go leor Seideanna Fear ó ceapadh mé, agus an rud a chuaigh i bhfeidhm orm i gcónaí fúthu, ná nach ceardlanna agus tionscadail amháin atá i gceist leo. Is áiteanna iad ina gcothaítear cairdeas, comhluadar agus tacaíocht.

“Cuireann na seideanna go mór le saol an phobail ar fud na tíre; tacaíonn siad le carthanais áitiúla, scoileanna, grúpaí pobail agus eagraíochtaí deonacha, agus ag an am céanna, cuireann siad timpeallacht fháilteach ar fáil dá mbaill.”

Ag cur fáilte roimh an maoiniú, dúirt Enda Egan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann Seideanna na bhFear:

“Táimid fíorbhuíoch de na hAirí Calleary agus Buttimer, chomh maith leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus  Gaeltachta, as an tacaíocht leanúnach a thugann siad do Sheideanna na bhFear, agus as an bpacáiste maoinithe de bheagnach €1.1 mhilliún a chinnteoidh go mbeidh na Seideanna seo ar bhonn inbhuanaithe.

“Neartaíonn an infheistíocht seo na gealltanais a thug an rialtas, agus is fianaise í ar an méid luachmhar a chuireann breis agus 495 Sheid Fear ar fud phobail na hÉireann ar fáil.

“Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas na Seideanna a gcuid gníomhaíochtaí laethúla a mhaoiniú, ag clúdach costais reatha bhunúsacha ar nós téimh, soilsithe agus árachais.

“Is toradh é an infheistíocht seo ar chomhoibriú dlúth idir an Roinn agus an Cumann; beidh córas iarratais nuashonraithe mar thoradh air seo, córas atá níos oiriúnaí do na Seideanna. 

“Is aitheantas é freisin ar an tionchar dearfach a bhíonn ag na Seideanna ar fholláine na mball, ar a dteaghlaigh, agus ar na pobail ar ball díobh iad. Cuireann an maoiniú a fógraíodh inniu ar ár gcumas leanúint lenár ngealltanas Seideanna na bhFear a dhéanamh inbhuanaithe, agus an ghluaiseacht seo de spásanna pobail cuimsitheacha a leathnú, chun tacú le fir ó gach cúlra agus gach gné den saol.”

“Uaireanta, téann fir isteach i Seid áitiúil chun páirt a ghlacadh i dtionscadail éagsúla nó i gceardlann. De réir mar a théann an t-am thart, áfach, deir na fir go léir gurb é an comhluadar agus an ghné shóisialta a nascann go mothúchánach iad leis an Seid; go deimhin, is minic a deirtear gurb é an citeal an uirlis is tábhachtaí sa tSeid ar fad.”