Preasráiteas: An Beartas Náisiúnta Daonchairdis: Fógraíonn an tAire Jerry Buttimer Ciste €3 mhilliún Comhoibrithe ar son Tionchair
Press Release
Tuesday, 24 November 2026

National Philanthropy Policy: Minister Jerry Buttimer Announces €3 million ‘Collaborating for Impact Fund’
- A key objective of the National Philanthropy Policy 2024-2028 is to strengthen collaboration between Government, Philanthropy and Civil Society
- The €3 million Collaborating for Impact Fund will support projects that test and demonstrate the Collaborating for Impact Framework
- Aimed at strengthening public-philanthropic collaboration, the Applications portal will go live on 17 November 2026
Minister of State with responsibility for Community Development and Charities, Jerry Buttimer, has today (Tuesday, 24 November 2026) announced the launch of the €3 million Collaborating for Impact Fund supported through the Dormant Accounts Fund.
This fund has been developed in line with the objective under our National Philanthropy Policy 2024-2028 to promote understanding and collaboration between philanthropy and government for innovative solutions addressing key social issues and fulfils the commitment to agree frameworks for public/private engagement on philanthropic initiatives.
Announcing the Fund, Minister Buttimer said:
“Over the past two years, my Department has worked with Dr Michael Barron to develop The Collaborating for Impact Series. Together, the three publications provide the evidence, framework and practical tools for strengthening public-private collaboration.
“The launch of the Collaborating for Impact Fund is an important step in this work, moving from the development of the framework to putting it into practice.”
The Fund will be delivered through a two-strand approach designed to support organisations at different stages of public-philanthropic partnership readiness. The Collaborating for Impact Fund will support projects to test the Collaborating in Practice Framework through real collaborations, delivering on a key commitment under the National Philanthropy Policy to strengthen public-private collaboration.
The Fund aims to strengthen collaboration between Government, philanthropy and civil society by supporting projects that demonstrate the potential of a partnership approach to addressing social challenges and delivering positive outcomes for communities.
Announcing the Fund, Minister Buttimer said:
“The National Philanthropy Policy sets a clear vision to create an environment that supports philanthropy and maximises its impact for public good.
Recognising that there is significant potential for Government, philanthropy and civil society to work together and build partnerships, my Department has developed a Framework for Collaboration.
“The Framework will assist Government, philanthropy, local authorities, intermediary bodies, and community and civil society organisations work together more effectively where collaboration can add value.
“The €3 million Collaborating for Impact Fund under the Dormant Accounts Fund will provide an opportunity to test this Framework in practice and generate valuable learning to inform future initiatives.”
The Fund will be managed by Community Foundation Ireland on behalf of the Department.”
Welcoming the announcement, Denise Charlton, CEO of Community Foundation Ireland said:
“As a philanthropic hub, we welcome the opportunity to manage the Collaborating for Impact Fund on behalf of the Department. Ultimately, the value of the Fund will be measured by the difference it makes for communities. By bringing Government, philanthropy and community organisations together, we can combine resources, knowledge and experience to respond more effectively to the challenges communities face every day.
“The Fund will create space to turn ideas into action, learn from what works and strengthen collaboration across sectors. Our focus will be on supporting partnerships that deliver meaningful and practical benefits for communities today, while building the relationships, knowledge and shared learning needed to create lasting impact for the future.”
The applications portal will open on the 24 November 2026. Further details are available at the following link https://www.communityfoundation.ie/apply-for-funding/
The Minister further stated:
“Across Ireland, organisations already work together every day to address issues that no organisation can solve alone. The Framework builds on that experience. It focuses on the conditions that help collaboration work well, the points that need attention as partnerships develop, and the practical choices that can make collaborative work stronger and more sustainable.”
Preasráiteas
Dé Máirt, an 24 Samhain 2026

An Beartas Náisiúnta Daonchairdis: Fógraíonn an tAire Jerry Buttimer Ciste €3 mhilliún Comhoibrithe ar son Tionchair
- Is príomhchuspóir de chuid an Bheartais Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028 comhoibriú idir an Rialtas, Daonchairdeas agus an tSochaí Shibhialta a neartú
- Tacóidh Ciste €3 mhilliún Comhoibrithe ar son Tionchair le tionscadail ina dtástáiltear agus ina léirítear an Creat Comhoibrithe ar son Tionchair
- Dírithe ar chomhoibriú poiblí-daonchairdis a neartú, cuirfear an tairseach iarratais ar fáil beo ar an 17 Samhain 2026
Inniu, Dé Máirt, an 24 Samhain 2026, d’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer, seoladh Ciste €3 mhilliún Comhoibrithe ar son Tionchair a fhaigheann tacaíocht trí Chiste na gCuntas Díomhaoin.
Forbraíodh an ciste seo i gcomhréir leis an gcuspóir faoin mBeartas Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028 chun tuiscint agus comhoibriú idir daonchairdeas agus an rialtas a chur chun cinn le haghaidh réitigh nuálacha ina ndírítear ar phríomhcheisteanna sóisialta agus comhlíonann sé an gealltanas chun creatlacha a chomhaontú le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí/phríobháideach ar thionscnaimh dhaonchairdis.
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Buttimer:
“Le dhá bhliain anuas, d’oibrigh mo Roinnse leis an Dr Michael Barron chun Sraith Chomhoibrithe ar son Tionchair a fhorbairt. Le chéile, soláthraítear sna trí fhoilseachán an fhianaise, an creat agus na huirlisí praiticiúla chun comhoibriú poiblí-príobháideach a neartú.
“Is céim thábhachtach san obair seo é seoladh Chiste Comhoibrithe ar son Tionchair, ag bogadh ó fhorbairt an chreata go dtí é a chur i bhfeidhm.”
Cuirfear an Ciste ar fáil trí chur chuige dhá shnáithe a dearadh chun tacú le heagraíochtaí ag céimeanna éagsúla ullmhachta comhpháirtíochta poiblí-daonchairdiúla. Tacóidh an Ciste Comhoibrithe ar son Tionchair le tionscadail chun Creat Comhoibrithe i gCleachtas a thástáil trí chomhoibriú fíor, ag comhlíonadh gealltanais thábhachtacha faoin mBeartas Náisiúnta Daonchairdis chun comhoibriú poiblí-príobháideach a neartú.
Tá sé mar aidhm ag an gCiste comhoibriú idir an Rialtas, an daonchairdeas agus an tsochaí shibhialta a neartú trí thacú le tionscadail ina léirítear acmhainneacht chur chuige comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta agus torthaí dearfacha a bhaint amach do phobail.
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Buttimer:
“Sa Bheartas Náisiúnta Daonchairdis, leagtar fís shoiléir amach chun timpeallacht a chruthú ina dtacaítear le daonchairdeas agus ina uasmhéadaítear a thionchar ar mhaithe le leas an phobail.
Ag aithint go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann don Rialtas, don daonchairdeas agus don tsochaí shibhialta oibriú le chéile agus comhpháirtíochtaí a thógáil, d’fhorbair mo Roinnse Creat Comhoibrithe.
“Cabhróidh an Creat leis an Rialtas, leis an daonchairdeas, leis na húdaráis áitiúla, le comhlachtaí idirmheánacha, agus le heagraíochtaí pobail agus sochaí sibhialta oibriú le chéile ar bhealach níos éifeachtaí i gcás inar féidir le comhoibriú luach a chur leis.
“Tabharfaidh Ciste €3 mhilliún Comhoibrithe ar son Tionchair faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin deis chun an Creat seo a thástáil i gcleachtas agus foghlaim luachmhar a chruthú chun tionscnaimh amach anseo a threorú.”
Beidh an Ciste á bhainistiú ag Fondúireacht Phobail na hÉireann thar ceann na Roinne.
Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt Denise Charlton, Príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Phobail na hÉireann:
“Mar mhol daonchairdis, cuirimid fáilte roimh an deis Ciste Comhoibrithe ar son Tionchair a bhainistiú thar ceann na Roinne. Ar deireadh thiar, déanfar luach an Chiste a thomhas de réir an difríocht a dhéanann sé do phobail. Trí eagraíochtaí an Rialtais, an daonchairdis agus an phobail a thabhairt le chéile, is féidir linn acmhainní, eolas agus taithí a chur le chéile chun freagairt níos éifeachtaí do na dúshláin a bhíonn roimh phobail gach lá.
“Cruthóidh an Ciste spás chun smaointe a iompú ina ngníomh, foghlaim ó na rudaí a oibríonn agus comhoibriú a neartú trasna earnálacha. Díreoimid ar thacú le comhpháirtíochtaí a sholáthraíonn buntáistí fiúntacha agus praiticiúla do phobail inniu, agus na caidrimh, an t-eolas agus an fhoghlaim chomhroinnte atá riachtanach a thógáil chun tionchar buan a chruthú amach anseo.”
Glacfar le hiarratais ar an tairseach ón 24 Samhain 2026. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc seo a leanas https://www.communityfoundation.ie/apply-for-funding/
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Ar fud na hÉireann, bíonn eagraíochtaí ag obair i gcomhar lena chéile gach lá cheana féin chun dul i ngleic le fadhbanna nach féidir le haon eagraíocht amháin a réiteach ina haonar. Tógtar ar an taithí sin sa Chreat. Dírítear ann ar na coinníollacha a chabhraíonn le comhoibriú a bheith éifeachtach, ar na gnéithe a dteastaíonn aird orthu de réir mar a fhorbraíonn comhpháirtíochtaí, agus ar na roghanna praiticiúla a d’fhéadfadh obair chomhoibríoch a neartú agus a dhéanamh níos inbhuanaithe.”
